You need to upgrade your browser!
The NESC website has been updated. This has been done to give the
site a great new look, more dynamic content, and to make it more
accessible to people with disabilites. However, this requires that you
use a standards-compliant web browser.
About 98% of web users use a standards-compliant web browser, but you
appear not to be using one. This means that you are missing out on our
new look & new features. Think of it like the difference between tapes
and CDs. Upgrading is simple - simply visit our Browser Upgrade Page.
Bunaíodh An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESC) sa bhliain 1973. Is í feidhm na Comhairle anailís a dhéanamh agus tuairisc a chur faoi bhráid an Taoisigh ar shaincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le forbairt éifeachtach an gheilleagair agus ceartas sóisialta a bhaint amach agus creat straitéiseach a fhorbairt chun caidreamh agus idirbheartaíocht ar chomhaontuithe idir an rialtas agus comhpháirtithe sóisialta a sheoladh. An tArd-Rúnaí ar Roinn an Taoisigh a bhíonn mar chathaoirleach ar an gComhairle agus bíonn ionadaithe as ceardchumainn, fostóirí, eagraíochtaí feirmeoireachta, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, príomhranna rialtais agus saineolaithe neamhspleácha ar an gComhairle chomh maith.
Le fada an lá bhíodh an Chomhairle ar cheann den bheagán comhlachtaí a bhíodh i mbun anailís straitéiseach, fhadtéarmach ar sheasamh agus ar fhadhbanna na hÉireann. Is léir sin sna staidéir ba thúisce a rinne siad ar na himpleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a ghabhfadh le hathrú déimeagrafach, oideachas, sláinte, seirbhísí sóisialacha, fuinneamh, leas, talmhaíocht, forbairt tuaithe, tithíocht agus an margadh saothair. Rinne an Chomhairle staidéir mhionsonraithe earnála ar na réimsí seo a leanas – tithíocht, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, sláinte, foraoiseacht, iompar, turasóireacht, beartas réigiúnach agus forbairt áitiúil. Dhírítí go leanúnach ar an dúshlán a bhain le forbairt eacnamaíoch a thabhairt chun cinn i ngeilleagar beag forimeallach a bhíodh ag brath ar thalmhaíocht roimhe seo. Go luath sna 1980adaí, rinne an Chomhairle athbhreithniú mór ar bheartas tionscail na hÉireann. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, díríodh níos géire ar luach ar airgead a fháil ar na deontais chaipitil agus ar thacaí eile a leithdháiltear ar ghnóthaí. Ba mhór mar a chuidigh an Chomhairle trí bhíthin líon áirithe tuarascálacha le tuiscint a fháil ar thaithí na hÉireann san Eoraip agus ar dhúshláin an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais airgeadaíochta. D’eascair an cur chuige ceantar-bhunaithe i leith dífhostaíocht fhadtéarmach agus eisiamh sóisialta as moladh a rinne an Chomhairle sa bhliain 1990. Aithníodh ó shin i leith go raibh Éire chun cinn maidir leis na cineálacha nuálacha seo de chur chuige i leith forbairt áitiúil.
Athmhúnlaíodh ról na Comhairle de dheasca ghéarchéim na 1980adaí. Chuir an Chomhairle straitéis chomhaontaithe i dtoll a chéile sa bhliain 1986 ar mhaithe le fáinne fí na hÉireann ina raibh meirbhliú dáiríre, leibhéil chánach a bhí ag ardú, agus fiach as cuimse, a bhriseadh. B’ar an Straitéis sin a chuaigh an rialtas agus na comhpháirtithe sóisialta i mbun idirbheartaíochta chun an Clár um Théarnamh Náisiúnta a chur i dtoll a chéile, clár a mhairfeadh ón mbliain 1987 go dtí 1990. Ba é seo an chéad chlár de sheacht gcinn de chláir lenar bhain comhpháirtíocht shóisialta agus b’astu sin a tháinig Éire chun cinn mar eiseamláir den rialachas eacnamaíoch agus sóisialta idirbheartaithe, eiseamláir ar a ndéantar roinnt mhaith staidéir. Ullmhaíonn An Chomhairle Eacnamaíoch agus Sóisialach forléargas ar dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta gach trí bliana. Is iad na 'tuarascálacha ‘Straitéise’ an príomhionchur a dhéantar san idirbheartaíocht sna cláir chomhpháirtíochta.
Online cooperation between Economic and Social Councils.
Tuarascáil nua á foilsiú ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach
Géarchéim Cúig Pháirt na hÉireann:
Freagairt Náisiúnta Chomhtháite
Moltar sa tuarascáil go bhfuil géarchéim cúig pháirt amach roimh Éirinn sa bhaincéireacht, in airgeadas poiblí, sa gheilleagar, sa tsochaí agus i gclú na tíre.