Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Secretariat > Edna Jordan

Edna Jordan

Thosaigh Edna Jordan ag obair le rúnaíocht NESC in Aibreán 2010. Chaith sí breis is ocht mbliana ag obair roimhe sin leis an Ionad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta.. Rinne sí bainistiú, le linn an ama seo, ar raon tionscadail agus tionscnaimh chomhoibríocha lena raibh baint ag eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha. Bhí na tionscnaimh seo dírithe ar chomhpháirtíocht san áit oibre agus rannpháirtíocht fostaithe a chur chun cinn mar áisitheoirí ar athrú eagraíochtúil, forbairt agus nuálaíocht. Roimhe seo, bhí Edna ina hoifigeach sinsearach le Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), le freagracht as leagan amach agus seachadadh an Chláir Náisiúnta um Fhorbairt agus Oiliúint Ghairmiúil do mhúinteoirí bunscoile. Le gairid anuas, bhí Edna ag obair le Roinn an Taoisigh ó Mhárta 2012 go Deireadh Fómhair 2017 agus bhí sí freagrach as Straitéis Acmhainní Daonna na Roinne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus as tionscnaimh bainistíochta athruithe a d’eascair as clár athchóirithe na Státseirbhíse a chur i bhfeidhm.

Tá MBS ag Edna i mBainistiú Athruithe agus Staidéar Eagraíochtúil agus is Cóitseálaí cáilithe sa Ghnó agus i bhfeidhmiúchán í.  Tá spéis ar leith aici i mbainistiú athruithe, i bhforbairt ceannaireachta, foghlaim eagraíochtúil agus i ndaoine aonair a éascú chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

 

Teil: 00 353 1 8146391
Ríomhphost: edna.jordan@nesc.ie

Follow us @NESCireland