Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > NESDO

NESDO

Bunaíodh an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESDO) mar chuid den Acht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach, 2006.

Is í NESDO an comhlacht corparáideach do NESC. Cuireann sí seirbhísí tacaíochta riaracháin ar fáil agus cuireann gach tuarascáil, moladh agus conclúid a eascraíonn as taighde a dhéanann NESC, faoi bhráid an Rialtais, agus eagraíonn tuarascálacha a fhoilsiú ar láithreán gréasáin NESC.

Foilsíonn NESDO tuarascálacha bliantúla ina sonraítear a cuid gníomhaíochtaí agus ina gcuirtear a Ráiteas Airgeadais iniúchta ar fáil.  Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le Gaye Malone, Ceann Gnóthaí Corparáideacha.

 

Éifeachtacht Eagraíochtúil

Rialachas agus Tuairisciú Airgeadais

Tá NESDO tiomanta don chaighdeán is airde rialachais chorparáidigh a bhaint amach laistigh den eagraíocht. Tá an creat foriomlán rialachais agus rialaithe laistigh de NESDO á threorú ag comhlíonadh an Achta NESDO 2006 agus Forálacha an Chóid Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016).

Le linn 2022, i bhfianaise thabhairt isteach Bheartas Oibre Cumaiscthe NESDO, leanadh de bhéim ar leith a leagan ar fhaireachán a dhéanamh ar an timpeallacht rialaithe atá ag feidhmiú in NESDO, ag díriú ar bhainistiú airgeadais agus sonraí.

Bainistíocht Riosca

Éilíonn bainistiú éifeachtach riosca eagraíochtúil próisis rialaithe láidre chun tacú le NESDO agus leis an mBord ar mhaithe le cuspóirí NESDO a bhaint amach. Bunaítear feidhmeanna riosca agus rialaithe i ról Coiste Iniúchóireachta agus Riosca arna cheapadh ag an mBord, a dhéanann athbhreithniú ar fheidhmíocht agus ar chúrsaí riosca lena n-áirítear beartas agus cleachtas. Tá Clár Riosca bunaithe ag NESDO agus déanann an Coiste Iniúchóireachta & Riosca é a athbhreithniú agus a fhaomhadh go tráthrialta.

Dualgas na hEarnála Poiblí

Ceanglaítear leis an Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (2014) go ndéanfaidh NESDO measúnú ar na saincheisteanna um chearta an duine agus um chomhionannas a chreideann sé a bheith ábhartha dá feidhmeanna agus dá cuspóirí féin; leagan amach beartais, pleananna agus gníomhartha atá i bhfeidhm nó a bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo; agus déanann tuairisciú ar fhorbairtí agus ar an méid atá bainte amach maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí ina thuarascáil bhliantúil.

Cúrsaí Eitice i Reachtaíocht na nOifigí Poiblí.

Mar chomhlacht poiblí, ceanglaítear ar NESDO faoi alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú i ndáil le líon na nochtaí cosanta a rinneadh dó sa bhliain roimhe sin, agus an gníomh a rinneadh mar fhreagairt ar aon nochtadh cosanta den sórt sin.

Ní dhearnadh aon nochtadh cosanta do NESDO sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

Nochtadh Cosanta

Tá NESDO/NESC, trína Bhord Bainistíochta agus le tacaíocht óna Rannóg Gnóthaí Corparáideacha, tiomanta do thimpeallacht chuí a chothú chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus tacú lena oibrithe agus iad ag labhairt amach maidir le héagóir fhéideartha san ionad oibre. Tá sé tiomanta do thacaíocht riachtanach a chur ar fáil d’oibrithe a mbíonn fíorábhair imní acu freisin.

Is é atá i gceist le nochtadh cosanta ná nochtadh faisnéise a léiríonn éagóir ábhartha amháin nó níos mó a tháinig ar aird oibrí NESDO/NESC i gcomhthéacs oibre agus a nochtar ar an mbealach a luaitear san Acht um Nochtadh Cosanta.

Faoin Acht um Nochtadh Cosanta, áirítear le hoibrithe NESDO/NESC fostaithe, conraitheoirí taighde, promhóirí, iarratasóirí poist, intéirnigh agus scoláirí Idirbhliana. Clúdaíonn an tAcht oibrithe reatha agus iaroibrithe de chuid NESDO/NESC.

Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag NESDO/NESC maidir le nochtadh cosanta (féach an Polasaí maidir le Nochtadh Cosanta) a forbraíodh i gcomhréir leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014.

Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta go bhfoilseofar tuarascálacha bliantúla i ndáil le nochtadh a fhaigheann NESDO/NESC óna chuid oibrithe.

Ní bhfuair NESDO aon nochtadh cosanta in 2024.

Saoráil Faisnéise

Ní bhfuair NESDO aon iarratas maidir le Saoráil Faisnéise (FOI) sa bhliain 2023.

Astaíochtaí a Fhritháireamh a Bhaineann le hAerthaisteal Oifigiúil

I gcomhréir le forálacha Chiorclán 01/2020, thaifead NESDO na hAstaíochtaí seo a leanas a bhaineann le húsáid aerthaistil oifigiúil le haghaidh 2023 mar a leanas:—

  • Líon iomlán na gciliméadar a thaistealaítear trí eitiltí: 11152
  • Na tonnaí de CO2 is infheidhme 2006: 1.2006

An méid a seoladh chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide: €58.23

 

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Le Rialacháin RFC 2007 go dtí 2014, tugtar an ceart do shaoránaigh teacht ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na Rialacháin, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá coinnithe ag údarás poiblí nó atá coinnithe d’údarás poiblí, faoi réir eisceachtaí áirithe, a chur ar fáil arna hiarraidh d’aon duine.

Cuirtear sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil ar fáil sna Rialacháin agus tugtar achoimre ar an tslí ar cheart iarrataí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’údaráis phoiblí. Déantar foráil sna Rialacháin freisin do nós imeachta achomharc foirmiúil sa chás go mbeadh duine míshásta le cinneadh ar a n-iarraidh.

Ba cheart iarrataí faoi Rialacháin RFC a chur ar fáil don údarás poiblí lena mbaineann.

Sna Rialacháin RFC cuirtear sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil ar fáil; tugtar achoimre ar an tslí ar cheart iarrataí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’údaráis phoiblí agus ar an tslí ar cheart d’údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí e.g. achair ama le haghaidh freagraí. Déantar foráil sna Rialacháin freisin do nós imeachta achomharc foirmiúil sa chás go mbeadh duine míshásta le cinneadh ar a n-iarraidh.

Mar is féidir leat iarratas RFC a dhéanamh

Ba cheart Iarratais maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

          Oifigeach RFC
An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach
16 Cearnóg Parnell Thoir
Baile Átha Cliath 1

Nuair atá iarraidh ar fhaisnéis á déanamh agat faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, éilítear ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin RFC agus an t-iarratas a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach (info@nesc.ie);
  • do shonraí teagmhála a chur ar fáil; agus
  • an fhaisnéis chomhshaoil atá de dhíth a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, agus an cineál faisnéise agus an tslí ar mhian leat teacht uirthi a lua go sonrach.

Go hiondúil, cuirfear cinneadh d’iarrata in iúl duit laistigh de 1 mhí amháin ó fuarthas an iarraidh.

Táillí

Níl aon táille thosaigh i gceist chun iarratas a dhéanamh faoi Rialacháin RFC. Mar sin féin, is féidir le húdarás poiblí táille réasúnach a ghearradh as an bhfaisnéis a iarradh a chur ar fáil. D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu sin na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur i dtoll a chéile, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil.

  • Taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil: €20.00 in aghaidh na huaire;
  • Fótachóipeáil: €0.04 in aghaidh an leathanaigh ag brath ar an méid faisnéise atá san iarraidh.
  • CD-ROM: €10.00

Níl aon táille i gceist chun iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh.

€150 a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €50 a chosnaíonn sé má tá cárta leighis agat nó má tá tú ag brath ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige/aici nó más tríú páirtí thú ag déanamh achomhairc ar an gcinneadh chun fáisnéis áirithe a eisiúint.

Riachtanais chun déileáil le hiarrataí

Go ginearálta, éilítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarraidh RFC laistigh d’aon mhí amháin ó fuarthas an iarraidh. Sa chás nach bhfuil údarás poiblí in ann freagra a thabhairt laistigh d’achar ama aon mhí amháin, mar gheall ar chastacht nó an méid faisnéise atá de dhíth, tá orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh den mhí le cur in iúl cén uair a eiseofar freagra. Níor cheart don dáta sin a bheith níos mó ná dhá mhí ó fuarthas an chéad iarraidh.

Mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ag an údarás poiblí; is féidir leis an iarraidh a chur ar aghaidh chuig údarás poiblí eile nó comhairle a thabhairt don iarratasóir faoin áit a gcreideann sé ar cheart an iarraidh a sheoladh. I gceachtar den dá chás, ní mór an t-iarratasóir a chur ar an eolas.

Forais maidir le faisnéis a dhiúltú

Tá roinnt foras inar féidir le húdarás poiblí faisnéis a dhiúltú; áirítear orthu sin nuair atá comhlacht ag gníomhú i gcáil reachtaíochta nó i gcáil bhreithiúnach (Airteagal 3(2)) agus forais éigeantacha (Airteagal 8) agus forais lánroghnacha (Airteagal 9) araon chun faisnéis a dhiúltú. Nuair atá cinneadh á dhéanamh ar cheart faisnéis a eisiúint nó gan í a eisiúint, éilítear ar chomhlacht poiblí na forálacha in Airteagal 10 a mheas.

Cinneadh a achomharc

Faoi Airteagal 11 de Rialacháin RFC, tá sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh a lorg. Is féidir leat freisin athbhreithniú inmheánach a lorg mura bhfuil freagra faighte agat laistigh den achar ama cuí. Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin ó fuarthas an chéad chinneadh (is féidir leis an údarás poiblí síneadh a chur leis an achar ama sin ach ní gá dó é sin a dhéanamh). Níl aon táille i gceist chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athmhachnamh iomlán ar an gceist a dhéanann ball foirne den údarás poiblí, a d’fhéadfadh an cheád chinneadh a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní.

Eiseofar toradh i scríbhinn den athbhreithniú chugat laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an iarraidh ar an athbhreithniú agus sa toradh sin cuirfear in iúl duit faoin gcinneadh, an chúis leis an gcinneadh agus beidh eolas ann faoi do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (lena n-áirítear na teorainneacha ama agus táillí a bhaineann le hachomharc mar sin).

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ó fuarthas an cinneadh ar an athbhreithniú inmheánach ón údarás poiblí. Mar sin féin, is féidir leis an gCoimisinéir síneadh a chur leis an teorainn ama i gcásanna aonair.

Tuilleadh Eolais

Tá tuilleadh eolas ginearálta faoi Rialacháin ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) lena n-áirítear faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile ar fáil ag www.dccae.gov.ie.

 

FuturesIreland

Sa tionscadal FuturesIreland, pléadh an dúshlán a bhaineann le feabhas a chur ar chumas na hÉireann chun bheith nuálach, foghlaim ó thurgnaimh agus ó thionscnaimh phíolótacha agus tabhairt go fonnmhar faoin bhfeabhas leanúnach. Chun iniúchadh a dhéanamh ar na dúshláin sin, d’oibrigh muid thar 18 mí le grúpa mór de nuálaithe praiticiúla agus le grúpa níos lú de cheannairí agus smaointeoirí ardleibhéil.

Is í an argóint lárnach atá sa tuarascáil seo ná go bhfuil muintir na hÉireann—i gcúrsaí gnó, sa tsochaí agus sa tseirbhís phoiblí—réidh le haghaidh i bhfad níos mó nuálaíochta, níos mó foghlaim fhorleathan agus freagrachtaí níos saibhre; ach cuireann gnéithe den chóras eagraíochta srian ar na hacmhainní agus ar na cleachtais a thacaíonn leo sin. Tá impleachtaí suntasacha ag an argóint sin faoi mar a thugann muid aghaidh ar an ngéarchéim ghéar atá ann faoi láthair agus faoi mar a leagann muid na bunchlocha le haghaidh rathúnas amach anseo agus comhtháthú sóisialta.

Mar a bhí sna 1950idí agus sna 1980idí, tá rogha le déanamh arís ag Éirinn. Cé go bhfuil cúiseanna ann, ar ndóigh, a léiríonn go bhfuil muid ag bogadh i dtreo comhthéacs níos neamhchinnte agus níos lú séimhe—ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de agus i mbeartas poiblí—tacaíonn an argóint lárnach atá againn le dearcadh níos dearfaí ar an gcor cinniúnach atá os ár gcomhair agus ar an aistriú a d’fhéadfadh a bheith romhainn. Is ó na ceithre phríomhthoradh sa tionscadal a d’eascair an dearcadh seo ar chumas na hÉireann chun sochaí foghlama a chruthú.

Léigh an tuarascáil iomlán anseo.

 

Tuarascálacha maidir le hÍocaíochtaí le Soláthróirí

Féach an liosta iomlán de thuarascálacha maidir le híocaíochtaí le soláthróirí a théann siar go dtí 2012.

Follow us @NESCireland