Tá tú anseo: Baile > Our Work > Land Use, Land Value and Urban Development > Housing > Private Rental Sector

An Earnáil Phríobháideach Cíosa

I bhfianaise na mbrúnna atá ar an earnáil phríobháideach cíosa, d’iarr Comhairle an NESC i Meitheamh 2022 ar an Rúnaíocht tabhairt faoi thuilleadh oibre ar an gcineál tithíochta seo. Ullmhaíodh tuarascáil Private Rental in Ireland, mar fhreagra ar an iarraidh sin; foilsíodh í ar an 15 Feabhra 2023 agus is féidir teacht uirthi anseo.

Doiciméadaítear sa tuarascáil an t-athrú mór atá ann i dtreo thithe cónaithe a fháil ar cíos seachas úinéireacht ar thithe cónaithe in Éirinn.  Leis an ngéarchéim phráinneach seo, tá gá leis an méid cíosanna príobháideacha a mhéadú chomh maith le gach cineál eile tionachta.  Cuirtear bonn fianaise ar fáil sa tuarascáil chun gníomhú láithreach ar cháin, réadmhaoine folmha agus rialú.  Cuirtear bonnchloch ar fáil freisin le haghaidh plé atá i bhfad níos leithne agus níos fadtéarmaí maidir le teacht chun cinn na hearnála cíosa.  Doiciméadaítear na tosca a théann i bhfeidhm ar thionóntaí agus ar cheannaitheoirí agus na saintréithe agus ábhair imní a bhíonn ag tiarnaí talún.

Tugtar measúnú soiléir eacnamaíochta inti ar réasúnaíocht leanúnach d’úinéireacht mura ndéantar athchóirithe leanúnacha ar an earnáil cíosa atá ann chun feabhas a chur ar shlándáil tionachta agus inacmhainneachta; agus mura ndéantar iarrachtaí chun forbairt as cuimse a dhéanamh ar an earnáil mhalartach cíosa neamh-mhargaidh.  Áirítear orthu sin cíos costais agus d’fhéadfadh cineálacha eile tionachta a bheith i gceist freisin lena n-áirítear tithíocht úinéirí áirithe ar thalamh phoiblí ar léas agus iontaobhais talún pobail a chuidíonn leis an bplé a athmhúnlú ó phlé dénártha ar chíos príobháideach seachas úinéireacht tithe.

Luadh an tuarascáil seo ar chlár RTÉ Radio 1, Today with Claire Byrne, Dé hAoine an 24 Feabhra 2023  – Éist leis anseo.

Follow us @NESCireland

#housing   #nesc50