Ár nObair
Tá ár gclár oibre leagtha síos ag an Rialtas agus comhaontaithe ag an gComhairle. Díríonn sé ar shaincheisteanna meántéarmacha go fadtéarmacha, chomh maith le dúshláin phráinneacha agus, go minic, fhadtéarmacha i bpríomhréimsí an bheartais phoiblí ina dtrasnaíonn breithnithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil.
Roghanna Polasaí a Athchóiriú
Déanaimid bonn eolais agus múnlú gníomhach ar dhul chun cinn na hÉireann i dtreo forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil níos inbhuanaithe agus níos comhtháite.
Pleanáil & Forbhreathnú
Bainimid úsáid as scanadh léaslíne agus anailís dhomhain ar phríomhshaincheisteanna straitéiseacha chun rioscaí náisiúnta agus domhanda a thuar agus a phleanáil.
Seachadadh Tionscadail
Trí iasachtaí foirne agus socruithe oibre eile atá faoi cheangal ama, tacaímid le tionscadail shonracha ar fud ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus tionscnaimh urraithe ag an Rialtas.
Ár Líonraí
Déanaimid teagmháil le comhpháirtithe an AE agus leis an bpobal idirnáisiúnta i gcoitinne maidir le réimsí beartais reatha agus réimsí atá ag teacht chun cinn.

