Ráiteas Príobháideachais
Is rialaitheoir sonraí cláraithe í an Oifig Náisiúnta Forbartha Eacnamaíochta agus Sóisialta (ONFES), an comhlacht corpraithe don Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta (CNES), faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS). Cliceáil anseo le haghaidh sonraí clárúcháin.
Ní bhailíonn ONFES/CNES aon sonraí pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo. Ba chóir do chuairteoirí ar an suíomh gréasáin seo a bheith ar an eolas go mbailítear faisnéis staidrimh agus anailíseach eile ar bhonn comhiomlánaithe agus neamh-shonrach aonair ó gach brabhsálaí den suíomh chun monatóireacht a dhéanamh ar an trácht ionas gur féidir a chumas agus a éifeachtúlacht a bhainistiú níos fearr.
Cosaint Sonraí
Ag teacht lena hoibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus an RGCS, déanann ONFES/CNES a dícheall a chinntiú nach n-úsáidtear aon sonraí pearsanta a choinníonn sí ach amháin chun a sainordú a chomhlíonadh. Maidir leis sin, cinnteoidh ONFES/CNES go bhfuil na sonraí a choinníonn sí leordhóthanach, ábhartha, agus nach bhfuil siad iomarcach don chuspóir a bhfuil gá leo; cruinn agus cothrom le dáta; nach gcoinnítear iad níos faide ná mar is gá; nach roinnfear iad le tríú páirtithe gan cead an ábhair sonraí; agus go gcoinnítear iad de réir na gcaighdeán a éilíonn an RGCS.
Faoi RGCS tá cearta feabhsaithe ag ábhair sonraí, lena n-áirítear rochtain ar a gcuid sonraí, míchruinneas a cheartú agus faisnéis a scriosadh.
Tá polasaí príobháideachais ONFES/CNES bunaithe ar na prionsabail atá sna Rialacha um Chosaint Sonraí arna n-eisiúint ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus treoraítear leis na prionsabail sin é.
Ba chóir aon cheisteanna maidir le sonraí pearsanta atá ag ONFES/CNES a chur chuig:
Gaye Malone
Oifigeach Cosanta Sonraí
NESDO
Ríomhphost: Gaye.Malone@NESC.IE
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar chosaint sonraí agus RGCS, féach ar suíomh gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí anseo.
Úsáid Google Analytics
Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíse gréasáin a sholáthraíonn Google, Inc. (‘Google’). Úsáideann Google Analytics ‘fianáin’, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoi d’úsáid den suíomh gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google agus a stóráil ag Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo chun do chuid úsáide den suíomh gréasáin a mheasúnú, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht an tsuímh gréasáin d’oibreoirí suíomhanna gréasáin agus seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht an tsuímh gréasáin agus úsáid an idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe freisin nuair a cheanglaítear sin leis an dlí, nó nuair a phróiseálann tríú páirtithe den sórt sin an fhaisnéis thar ceann Google. Ní nascfaidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá ag Google. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara le do thoil má dhéanann tú é seo b’fhéidir nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an tsuímh gréasáin seo a úsáid. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, toilíonn tú le próiseáil sonraí fút ag Google ar an mbealach agus chun na gcríoch a leagtar amach thuas.
Dlí Rialaitheach
Tá an suíomh gréasáin seo á rialú agus á oibriú ag CNES ó Éirinn. Ní dhéanann CNES aon ionadaíocht go bhfuil ábhair agus/nó na saoráidí nó na seirbhísí a thairgtear tríd an suíomh gréasáin seo oiriúnach nó feiliúnach le húsáid i dtíortha seachas Éire, nó go gcomhlíonann siad aon cheanglais dhlíthiúla nó rialála de na tíortha eile sin. Agus tú ag rochtain an tsuímh ghréasáin seo, déanann tú amhlaidh ar do phriacal féin agus ar do thionscnamh féin, agus tá tú freagrach as cloí le dlíthe áitiúla, a mhéid is infheidhme aon dlíthe áitiúla. Má tá sé toirmiscthe an suíomh gréasáin seo, na hÁbhair, agus/nó na saoráidí nó na seirbhísí a thairgtear tríd an suíomh gréasáin seo nó aon chuid díobh, a chur ar fáil i do thír, nó duitse (cibé acu de bharr náisiúntachta, cónaithe nó eile), níl an suíomh gréasáin seo, na hÁbhair agus/nó na saoráidí nó na seirbhísí a thairgtear tríd an suíomh gréasáin seo nó aon chuid díobh dírithe ort.
Beidh na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo á rialú agus á léirmhíniú de réir dhlíthe na hÉireann, agus aontaíonn tú leis seo chun tairbhe CNES, agus gan dochar do cheart CNES imeachtaí a thionscnamh maidir leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo os comhair aon chúirte eile a bhfuil dlínse inniúil aici, go mbeidh dlínse ag cúirteanna na hÉireann aon chaingean nó imeachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn as na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo nó i dtaca leo a éisteacht agus a chinneadh, agus chun na gcríoch sin géilleann tú go dochúlaithe do dhlínse na gcúirteanna sin.
Ilghnéitheach
Ní mór aon tarscaoileadh ar aon fhoráil de na téarmaí agus coinníollacha seo a bheith i scríbhinn agus sínithe ag CNES chun a bheith bailí. Ní fheidhmeoidh tarscaoileadh ar aon fhoráil anseo mar tharscaoileadh ar aon fhoráil eile, nó mar tharscaoileadh leanúnach ar an bhforáil chéanna sa todhchaí. Má fhaigheann aon chúirt a bhfuil dlínse inniúil aici aon fhoráil de na téarmaí agus coinníollacha seo a bheith ar neamhní nó neamh-infheidhmithe ar chúis ar bith, ansin beidh an fhoráil sin neamhéifeachtach a mhéid a bhaineann le cinneadh na cúirte gan difear a dhéanamh do bhailíocht agus infheidhmitheacht aon fhorálacha eile. Léiríonn na téarmaí agus coinníollacha seo an tuiscint agus an comhaontú iomlán idir tú féin agus CNES maidir le húsáid an tsuímh ghréasáin seo, agus tagann siad in ionad aon ráitis, tuiscintí nó comhaontuithe roimhe seo, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, agus ní dhéanfar iad a mhodhnú ach amháin i scríbhinn, sínithe agatsa agus ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta.