Tá meas ag NESC ar phríobháideachas gach cuairteoir ar ár suíomh Gréasáin. Leagann an Polasaí Fianán seo amach ár bpolasaí maidir le húsáid fianán ar an suíomh. Féadfaimid ár bPolasaí Fianán a nuashonrú ó am go chéile chun aon athruithe i dteicneolaíocht nó i reachtaíocht a léiriú a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a n-úsáidimid fianáin agus ar an gcaoi ar féidir leat, mar úsáideoir, iad a bhainistiú.
Cad iad fianáin?
Comhaid téacs bheaga iad fianáin a sheoltar ó shuíomh Gréasáin agus a stóráiltear i mbrabhsálaí gréasáin an úsáideora fad is atá an t-úsáideoir ag brabhsáil suíomh Gréasáin. Nuair a thugann úsáideoirí cuairt ar an suíomh Gréasáin céanna arís, seolann an brabhsálaí fianáin ar ais chuig an suíomh Gréasáin, rud a ligeann don suíomh Gréasáin an t-úsáideoir a aithint agus rudaí cosúil le sonraí pearsantaithe nó sainroghanna a mheabhrú. Tabhair faoi deara, le do thoil, má roghnaíonn tú gan fianáin a fháil, go bhféadfá roinnt gnéithe agus/nó feidhmiúlacht nesc.ie a chailleadh.
Cé na fianáin a úsáideann NESC?
Nuair a úsáideann tú suíomh Gréasáin nesc.ie, is féidir na cineálacha fianán seo a leanas a shocrú ar do ghléas:
Fianáin atá fíor-riachtanach
Cumasaíonn na fianáin seo seirbhísí a d’iarr tú go sonrach, mar shampla, tú a aithint mar dhuine atá sínithe isteach ar an suíomh Gréasáin agus tú a choinneáil logáilte isteach ar feadh do chuairte.
Fianáin feidhmíochta
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis staidrimh a bhailiú faoi chuairteoirí ar an suíomh Gréasáin agus faoi na leathanaigh a bhreathnaíonn siad orthu. Ní aithníonn an fhaisnéis a bhailítear cuairteoirí ach déantar í a chomhiomlánú agus a úsáid gan ainm. Úsáideann NESDO/NESC na fianáin seo chun tuiscint a fháil ar an ábhar ar a suíomh Gréasáin atá coitianta d’fhonn an suíomh a fheabhsú do chuairteoirí.
Fianáin fheidhmiúla
Ligeann na fianáin seo don suíomh Gréasáin roghanna a dhéanann tú a mheabhrú agus gnéithe feabhsaithe agus níos pearsanta a sholáthar. Mar shampla, do shainroghanna agus socruithe a mheabhrú, amhail atreorú chuig leagan soghluaiste den suíomh nuair a bhíonn tú ag brabhsáil le fón cliste; agus do rogha nuair a bhíonn tú ag brabhsáil suíomhanna Gréasáin ar leith.
Fianáin tríú páirtí eile
Níl baint ag roinnt fianán a socraíodh ar ár suíomhanna Gréasáin le NESC. Nuair a thugann tú cuairt ar leathanach le hábhar leabaithe (mar shampla, ó YouTube nó Facebook) féadfaidh na soláthraithe seirbhíse seo a gcuid fianán féin a shocrú ar do bhrabhsálaí gréasáin.
Ní rialaímid úsáid na bhfianán seo agus ní féidir linn rochtain a fháil orthu mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn fianáin, mar ní féidir ach leis an bpáirtí a shocraigh iad ar dtús rochtain a fháil ar fhianáin. Ba chóir duit seiceáil ar shuíomhanna Gréasáin tríú páirtí le haghaidh tuilleadh faisnéise fúthu seo.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhianáin agus sonraí maidir le conas iad a bhainistiú nó a dhíchumasú a fháil ar www.aboutcookies.org.