Tá tú anseo: Baile > Our Work > Land Use, Land Value and Urban Development > Transport Orientated Development

Forbairt Dírithe ar Iompar

Chríochnaigh agus d’fhoilsigh an Chomhairle píosa suntasach taighde le déanaí ar an ábhar forbairt dírithe ar iompar (TOD) agus an cumas lena chur i bhfeidhm in Éirinn. Is cineál forbartha uirbí é TOD a fhéachann le soláthar tithíochta, fostaíochta, seirbhísí poiblí agus spás fóillíochta a uasmhéadú atá cóngarach do nóid iompair (m.sh. iarnród agus/nó bus) a bhfreastalaíonn seirbhísí ardchaighdeáin orthu go minic. Is cineál forbairt uirbeach é freisin atá ailínithe go maith le seasaimh bheartais idirnáisiúnta agus náisiúnta na hÉireann, agus le forbairtí institiúideacha le déanaí maidir le bainistíocht ghníomhach talún ag an Stát.

Go hidirnáisiúnta, tá tiomantas leanúnach ag Éirinn do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a chur i bhfeidhm. Aithnítear le ceann de na haidhmeanna sin – cathracha agus pobail inbhuanaithe – uirbiú méadaithe ar fud an domhain, agus tá sé bunaithe ar aitheantas nach féidir forbairt inbhuanaithe a bhaint amach gan an bealach a ndéanaimid ár spásanna uirbeacha a thógáil agus a bhainistiú a athrú go suntasach. Mar shampla, tá leibhéal na n-astaíochtaí dochracha ón earnáil iompair méadaithe agus cruthóidh fás leanúnach i ngníomhaíocht iompair cúinsí atá ag éirí níos dúshlánaí chun cuspóirí na hÉireann a bhaineann le haeráid a bhaint amach.

Ag leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh an Rialtas Tionscadal Éireann 2040, Creat Pleanála Náisiúnta (NPF). Is é an NPF plean straitéiseach ardleibhéil na hÉireann chun fás agus forbairt a mhúnlú go dtí 2040. Ceann den deich gcinn de Thorthaí Straitéiseacha Náisiúnta an NPF is ea fás dlúth. Is í an aidhm fás inbhuanaithe de lonnaíochtaí uirbeacha agus tuaithe níos dlúithe a chinntiú, le tacaíocht ó phoist, tithe, seirbhísí agus áiseanna, seachas sraoilleáil leanúnach agus fás neamhphleanáilte agus neamheacnamaíoch. I gcomhar leis sin, leagtar amach sa Phlean nua Forbartha Náisiúnta (NDP) an leibhéal suntasach infheistíochta (thart ar € 116 billiún) a chreideann an Rialtas a bheidh mar bhonn agus taca leis an NPF. Áirítear leis seo infheistíocht shuntasach sa bhonneagar iompair agus sa tithíocht. Ina theannta sin, bhunaigh an Rialtas an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA) agus Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR).

Thóg an tionscadal taighde ar an mbailiúchán oibre atá ag NESC cheana féin ar thithíocht agus ar bhonneagar, agus scrúdaíonn sé forbairt atá dírithe ar iompar agus a ról i dtacú le tithíocht inacmhainne agus forbairt uirbeach inbhuanaithe. Áirítear leis an taighde seo anailís ar fhianaise idirnáisiúnta ar ról an iompair i leathnú acmhainneacht bhainistíocht ghníomhach talún trí thalamh a dhíghlasáil le haghaidh tithíochta, forbairt uirbeach inbhuanaithe agus athghiniúna. Cuimsíonn an obair freisin anailís ar roinnt tionscadal forbartha uirbí in Éirinn agus na ceachtanna atá le foghlaim. Mheas an obair na hathruithe institiúideacha agus beartais a d’fhéadfadh tionscadail iompair phoiblí a athshamhlú mar thionscadail úsáide talún, tithíochta agus iompair a bhfuil tábhacht náisiúnta leo.

Léiríonn an taighde go gcaithfidh an Stát cur leis an bhfís atá leagtha amach i dTionscadal Éireann 2040 chun an líon tithe, poist, seirbhísí agus áiseanna atá gar do nóid iompair rialta, ardcháilíochta a uasmhéadú. Teastóidh cinntí sonracha breise chun cuspóirí straitéiseacha an fháis dhlúth agus na soghluaisteachta inbhuanaithe a bhaint amach chun forbairt den sórt sin a chruthú ag láithreacha lárnacha, socruithe institiúideacha nua agus meicníochtaí maoinithe oiriúnaithe.

I bhfianaise scála réamh-mheasta an chaiteachais ar thithíocht agus ar iompar faoin PFN, cuidíonn an taighde seo le hiniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le béim ar fhorbairt atá dírithe ar iompar acmhainn na hinfheistíochta seo a uasmhéadú agus cur le soláthar tithíochta níos inacmhainne, an t-aistriú chuig córas iompair níos inbhuanaithe agus forbairt uirbeach dhlúth agus ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil.

Is féidir féachaint ar an tuarascáil iomlán anseo

Léitheoireacht Bhreise:

Transport-Orientated Development: Assessing Opportunity for Ireland – Background Case Studies

Urban Structure, Spatial Planning and Climate Emissions

D’eagraigh an NESC ceardlann, do chuirí amháin, chun an obair seo a phlé Dé hAoine, 28 Meitheamh, tá sonraí le fáil sna naisc thíos.

Clár

Liosta den lucht Freastail

Cur i Láthair na gCainteoirí Idirnáisiúnta:

Noel Cahill, Eacnamaí de chuid an NESC

Nicholas Falk, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, URBED Trust, An Ríocht Aontaithe

Britt Vorgod Pedersen, Ceann Pleanála, Gladsaxe Kommune, An Danmhairg

Stephane Bis, Stiúrthóir Teicniúil agus Tionscadal, Semitan, An Fhrainc

Cathal FitzGerald, Anailísí Taighde Institiúideach NESC