Tá tú anseo: Baile > Our Work > Sustainable Development and Climate Action

Forbairt Inbhuanaithe agus Gníomhú ar son na hAeráide

Aithníonn an Chomhairle an tábhacht atá le Bunús an Téarnaimh i bhForbairt Inbhuanaithe  agus tacaíonn sí le hathrú beartais maidir le huaillmhian agus gníomhaíocht chun astaíochtaí agus caillteanas bithéagsúlachta a laghdú.

Tá taighde maidir le forbairt inbhuanaithe glactha ag an NESC ina príomhchlár oibre chun sineirgí agus lánpháirtíocht i bhforbairt inbhuanaithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíochta.

Faighimid maoiniú taighde bliantúil ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Tá NESC ag obair ar roinnt tionscadal suntasach i réimse na forbartha inbhuanaithe agus gníomhaithe ar son na hAeráide. Áirítear orthu sin:

  • Talmhaíocht agus Gníomhú ar son na hAeráide: Tá iarrtha ag an Rialtas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019 taighde a dhéanamh agus a gcuid tuairimí a thabhairt ar an mbealach chun tacú le haistriú cóir maidir leis an aeráid in earnáil na talmhaíochta. Is é an aidhm réitigh a chur i dtoll a chéile i gcomhar le héagsúlacht páirtithe leasmhara lena n-áirítear feirmeoirí agus pobail tuaithe. Tá grúpa oibre ilpháirtithe leasmhara NESC bunaithe chun tacú leis an obair agus chun treoir a chur ar fáil ina leith. Tá tús curtha leis an tionscadal seo agus cuirfear i gcrích é faoi mhí an Mhárta 2023.
  • Cuntasaíocht Caipitil Nádúrtha Faoin bPlean Gnímh don Aeráid 2021, tá ról ag NESC  comhairle a chur ar fáil faoi chreataí cuntasaíochta caipitil nádúrtha (nádúr).
  •  Beidh rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus idirphlé leo  i gceist leis seo chun plé a dhéanamh ar an tslí le cuntasaíocht  caipitil nádúrtha a chur chun cinn laistigh den chóras beartais. Cuirfear tús leis an tionscadal sin níos déanaí in 2022.
  • Aistriú Cóir: Leanfaidh NESC de chomhairle agus taighde straitéiseach a chur ar fáil faoi aistriú cóir in Éirinn. Áireofar ann tacaíocht a chur ar fáil chun táscairí aistrithe chóir oiriúnacha a fhorbairt. Cuirfear tús leis an obair sin níos déanaí in 2022.
  • Taighde áit-bhunaithe: Foilseofar taighde coimisiúnaithe leis an Dr Niamh Moore Cherry (UCD) agus a comhghleacaithe chun deiseanna áit-bhunaithe a fhiosrú do bheartas agus do chleachtas atá ag athrú trí chás-staidéir thuaithe sna míonna amach romhainn.

I measc obair eile a cuireadh i gcrích le gairid tá:

 

Follow us @NESCireland