You are here: Home > News & Events > 28ú Comhdháil Bhliantúil EEAC 'Aistriú Cóir a Chur ar Fáil do Chách' 27 Deireadh Fómhair 2020

28ú Comhdháil Bhliantúil EEAC 'Aistriú Cóir a Chur ar Fáil do Chách' 27 Deireadh Fómhair 2020

D’eagraigh an NESC an 28ú Comhdháil Bhliantúil de líonra Eorpach na gcomhairlí comhairleacha ar an gcomhshaol agus ar fhorbairt inbhuanaithe (Líonra EEAC), a bhfuil an NESC ina bhall de. Thar trí lá ón Mháirt an 27 Deireadh Fómhair go dtí an Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair, chuir meascán éagsúil saineolaithe, lucht acadúil, comhairlí agus lucht déanta beartas leis an ócáid spreagúil uathúil seo, a chuimsigh meascán de phríomhchainteoirí, díospóireachtaí painéil agus seisiúin spotsolais.

Ba mhór an onóir don NESC go raibh an phríomhóráid dar gcuid dar teideal ‘Delivering A Just Transition For All’ á thabhairt ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins.

Tá Éire agus an tAontas Eorpach tiomanta don athrú chuig geilleagar agus sochaí glan inbhuanaithe, cuimsitheach, rathúil.  Dhírigh an chomhdháil seo ar an gcaoi ar féidir le prionsabail an cheartais, na cothroime, an chomhionannais agus an chothromais a bhaineann le haistriú cóir gníomhú mar luamhán agus treoir chun beartais agus cleachtais a mhúnlú chun an claochlú a chur ar fáil.  Ba ionchur luachmhar a bhí san obair a rinne an NESC le déanaí aistriú cóir agus leochaileacht fostaíochta don lá.

Dé Máirt an 27 Deireadh Fómhair; Seimineár Gréasáin 1

28ú Comhdháil Bhliantúil EEAC – Lá 1 Seimineár Gréasáin 1

 

Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair; Seisiúin Spotsolais

Seisiún C 1- Aistriú Cóir, Leochaileacht agus freagraí beartais

Seisiún C 2 – Ag tabhairt comhairle faoi Aistriú Cóir

Seisiún C 3- Aistriú cóir uisce

 

Seisiún D 1- Réigiúin Inbhuanaithe agus Athléimneacha

Seisiún D 2 – Ceachtanna ón Ísiltír

Seisiún D 3- Airgeadas le haghaidh Aistriú Cóir

 

Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair; Seimineár Gréasáin 2

28ú Comhdháil Bhliantúil EEAC – Lá 3 Seimineár Gréasáin 2 

 

Sa seoladh físe gairid seo, roinneann an Dr Larry O’Connell, Stiúrthóir NESC, tuilleadh sonraí faoin gcomhdháil ar líne.

Féach cóip den chlár

Féach ar fhaisnéis faoi na seisiúin spotsolais

Ba iad na hionchuir chruthaitheacha a léiríodh thar na trí lá:

Comhairle Náisiúnta na nÓg

Buaiteoirí Mearfhicsin, Laura Woulfe

Tegan Forde

Sonic Pollinators

One Small Change – Cappabue NS

Cad a pléadh?

Cuireadh fóram ar fáil leis an gcomhdháil seo do chomhghleacaithe Éireannacha agus Eorpacha chun peirspictíochtaí, eispéiris agus cleachtais a roinnt, agus chun comhthuiscint agus straitéisí nithiúla a fhorbairt chun dul chun cinn a dhéanamh. Chaith an chomhdháil solas ar an gcaoi a bhfuil tíortha eile ag bainistiú an phróisis aistrithe, agus tugadh aird ar leith ar thionchar bheartas aeráide a bhainistiú a d’fhéadfadh dul i gcion go díréireach ar ghrúpaí ar leith sa tsochaí. Teastaíonn sé seo toisc gur dúshláin ollmhóra iad na haistrithe agus is í an uaillmhian, de réir Chlár Oibre 2030, gan aon duine a fhágáil ina ndiaidh.

Cé a bhí i láthair?

Thug an cruinniú ar líne seo Comhairlí Comhairleacha na hEorpa agus na hÉireann, a bpáirtithe leasmhara, saineolaithe idirnáisiúnta, lucht déanta beartas agus cleachtóirí le chéile chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le haistriú cóir agus ar an gcaoi a bhfuil sé ag múnlú beartas agus cleachtas.