You are here: Home > News & Events > Tuarascáil na Comhairle Uimh. 151: Todhchaí Chóras Leasa Shóisialaigh na hÉireann: Rannpháirtíocht agus Cosaint foilsithe ag NESC 18 Samhain 2020

Tuarascáil na Comhairle Uimh. 151: Todhchaí Chóras Leasa Shóisialaigh na hÉireann: Rannpháirtíocht agus Cosaint foilsithe ag NESC 18 Samhain 2020

                                                                                                                                                                                                                                                                           

                                                                                                                                        Ráiteas do na Meáin

                                                                                                                                      An 18 Samhain 2020

Chaith paindéim reatha Covid-19 solas ar ról tábhachtach an chórais leasa shóisialaigh, go háirithe ag am na géarchéime náisiúnta.  Ach, an bhfuil córas leasa shóisialaigh na hÉireann oiriúnach don fheidhm atá leis sa 21ú haois?  Pléitear an cheist sin i dtuarascáil nua ón gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta (NESC) agus moltar roinnt leasuithe.

Dúirt duine de húdair na tuarascála, an Dr Helen Johnston, “cé gur éirigh go maith leis an gcóras leasa reatha i bhfianaise ghéarchéim Covid-19, san fhadtéarma is gá an córas leasa a nuachóiriú i roinnt réimsí.  Leagtar amach sa tuarascáil tograí sonracha maidir le: leordhóthanacht ioncaim a chinntiú agus bochtaineacht a mhaolú; tacaíochtaí teaghlaigh a nuachóiriú chun riachtanais inscne agus cúraim a léiriú; agus tacú le rannpháirtíocht ard san oideachas agus san fhostaíocht; agus inbhuanaitheacht airgeadais a chinntiú ag an am céanna”.

Déantar machnamh sa tuarascáil ar impleachtaí na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar Covid-19 a mhaolú.  Dúirt an Dr Anne-Marie McGauran, duine eile d’údair na tuarascála, “déantar cás sa tuarascáil ar son córas árachais shóisialta níos láidre, mar aon le haitheantas níos fearr a thabhairt d’obair neamhghnách.  Mar shampla, áitítear sa tuarascáil go ndéanfaí athbhreithniú ar ‘solúbthacht’, a chomhcheanglaíonn leibhéal ard soghluaisteachta idir poist le líon sábháilteachta ioncaim cuimsitheach do dhaoine dífhostaithe, chomh maith le tacaíochtaí láidre do chuardach poist agus athoiliúint ”.

Smaoineamh úrnua sa tuarascáil is ea ioncam rannpháirtíochta a phíolótú.  D’fhéadfadh ioncam den sórt sin a bheith i bhfoirm duine a fhaigheann ioncam as ranníocaíocht shochaíoch a dhéanamh, mar obair dheonach, cúram nó obair eile ar luach sochaíoch.  Tugtar breac-chuntas ar choigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na córais leasa shóisialaigh agus cánach chun freastal ar chúram níos mó ná mar atá faoi láthair.  Tarraingíodh aird ar an aincheist a bhaineann le cúram a thabhairt do leanaí agus gaolta eile do go leor oibrithe le linn shrianta na paindéime agus iad ag obair iad féin.

De réir mar a thagann an tír amach as paindéim Covid, beidh sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeidh an córas leasa láidir go leor chun bochtaineacht fhorleathan a chosc.  Leagtar amach sa tuarascáil roinnt bearta frithbhochtaineachta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní den sórt sin, lena n-áirítear an gá atá le seirbhísí inrochtana ar ardchaighdeán mar chúram leanaí, tithíocht, oideachas agus cúram sláinte, chomh maith le tacaíochtaí do nuálaíocht phobail mar aon le híocaíochtaí ioncaim leordhóthanacha.

Chun an tuarascáil iomlán a fheiceáil cliceáil anseo

Nóta d’Eagarthóirí:  Tá an tuarascáil seo bunaithe ar anailís dhomhain, lena n-áirítear 9 bpáipéar oibre a chuirfear ar fáil ar www.nesc.ie sna seachtainí amach romhainn.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Dr. Helen Johnston, helen.johnston@nesc.ie