Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Lessons from the Pandemic

Ceachtanna atá foghlamtha de bharr na Paindéime

De bharr an chineáil paindéime atá sa phaindéim Covid-19, tá tionchar imeartha aici ar beagnach gach gné den saol: ón mbealach a ndéanaimid caidreamh le daoine agus a gcasaimid lena chéile, an bealach a mbímid ag obair agus ag foghlaim, go dtí an bealach a gceannaímid nithe, agus neart eile. Tabharfaidh na tionchair seo ceachtanna dúinn maidir le go leor gnéithe a bhaineann leis an domhan seo, beartais phoiblí ina measc.  Is iad na ceachtanna sin a bhfuilimid ag díriú orthu sa tionscadal seo. Bhí an tionscadal a tugadh chun críche le déanaí (Meitheamh 2022) dírithe ar na ceachtanna sin.

Luaitear i straitéis an Rialtas, Tuiscint Nua ar an Dúshlán: Leanúint dár dTéarnamh agus Athnascadh, go bhfuil sé tábhachtach freagairt na hÉireann ar an bpaindéim a thuiscint, greim a fháil ar an méid a foghlaimíodh agus ar an taithí a bhfuarthas ar mhaithe le cuidiú le pleanáil amach anseo (2021: 7).

I Márta na bliana 2020, díreach nuair a bhí an phaindéim ag tosú, d’fhoilsigh an Chomhairle Tuarascáil Uimh.149, Aghaidh a thabhairt ar Leochaileacht Fostaíochta mar chuid d’Aistriú Cóir in Éirinn. Ar cheann de phríomhchonclúidí na hoibre sin bhí, i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhaineann le nádúr díreach turraingí ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí (e.g. na hathruithe go dtí todhchaí ísealcharbóin agus todhchaí níos digití), nach mór don bhéim sa bheartas a bheith ar earnálacha, pobail, agus oibrithe leochaileacha a aithint, agus na réitigh áit-bhunaithe a comhtháirgeadh. Tá torthaí na Comhairle treisithe ag taithí na hÉireann ar Covid-19, agus beidh an tionscadal seo i bhfeidhm ar an gcur chuige sin agus cuirfidh an tionscadal seo leis an gcur chuige sin i ndáil leis an bpaindéim a bhreithniú ar bhealach atá ailínithe leis an gcur chuige atá luaite ag an Rialtas.

Ag cur leis sin agus le hobair eile an NSCE, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar thaithí idirnáisiúnta sa bhliain 2022, d’fhéach ar shamplaí den chaoi ar thug Éire freagra i leith na paindéime, agus thug ar aird ceachtanna a foghlaimíodh ó Covid-19 i leith beartas poiblí.

Ní hionann an tuarascáil ón NESC a bhí mar thoradh air sin –  Paindéim Covid-19: Ceachtanna i leith Beartas Poiblí – agus cleachtadh measúnaithe ar fheidhmíocht, seachas sin leagtar béim ann ar bhealaí ina mbeifear ábalta beartas poiblí amach anseo a fheabhsú.  Tá cúig cheacht molta ag an gComhairle:

Ceacht a hAon – Is casta atá cúrsaí leochaileachta agus is sonrach iad don chomhthéacs, agus ní mór dúinn leanúint den obair chrua chun leochaileacht a aimsiú agus í a bhainistiú.

Ceacht a Dó – Is den ríthábhacht a bhí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, páirtithe sóisialta agus saineolaithe agus ní mór de leanúint ar aghaidh de réir mar a bheimid ag obair le chéile chun beart comhthola agus fiúntach a fhorbairt i leith dúshláin a chéile.

Ceacht a Trí – Bhí bailiú sonraí fíor-ama agus cumas anailísíochta agus bonneagar lárnach chun freagra a thabhairt i dtaobh beartais i leith Covid-19 agus ní mór an obair sin a úsáid anois chun tacú le cinnteoireacht i réimsí eile.

Ceacht a Ceathair – Ní mór tosaíocht a thabhairt do rialachas, príobháideachas, rochtain, rúndacht agus saincheisteanna a roinnt agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu le práinn.

Ceacht a Cúig – Rinneadh an-chuid bealaí a fhorbairt le córas an bheartais chun cluas a thabhairt do shaoránaigh, páirtithe leasmhara agus saineolaithe agus cuireann siad sin léargas ar fáil ar an gcaoi le cur le muinín as an Rialtas.

  • Tá tuarascáil iomlán na Comhairle ar fáil anseo.
  • Tá cáipéis achomair de na príomhcheachtanna agus ar na freagraí a mholtar ar fáil anseo.
  • Is féidir tuarascáil chúlra ‘Éigeandálaí agus Anachana a Bhainistiú: Athbhreithniú ar Phríomhlitríocht’ a fháil anseo.

Má tá aon cheist agat déan teagmháil leis an Dr Cathal FitzGerald, Anailísí Sinsearachcathal.fitzgerald@nesc.ie

Obair Bhainteach:
Digital Inclusion in Ireland: Connectivity, Devices & Skills
Building a New Relationship between Voluntary Organisations and the State in the Health and Social Care Sectors
Gender and Covid-19 in Ireland
Community Call: Learning for the Future
The Impacts of Covid-19 on Ethnic Minority and Migrant Groups in Ireland
Covid-19 and How We Value Work
Covid-19, Protecting Enterprises and Employment: National Responses

Follow us @NESCireland