Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Welfare and Employment

Leas agus Fostaíocht

Tá athruithe móra sochaíocha ann ó bunaíodh an córas leasa shóisialaigh in Éirinn, agus léiríonn athruithe ar an gcóras leasa shóisialaigh, tríd is tríd, na hathruithe seo.  Déantar athruithe a bhfuiltear ag súil leo sa todhchaí a mheas leis an tionscadal seo agus pléitear féidearthachtaí maidir le treo chóras leasa shóisialaigh na hÉireann sa todhchaí.  Déantar tagairt sa tionscadal d’obair roimhe seo ar an Stát Leasa Forbartha (2005) agus Ag Bogadh ó Leas go dtí an Obair: Teaghlaigh le déine oibre íseal agus cáilíocht na seirbhísí tacaíochta (2018), le béim ar dhaoine in aois oibre.  Go sonrach, rinneadh breithniú sa tionscadal ar:

 

·        Árachas sóisialta agus nádúr athraitheach na hoibre – tacaíonn doiciméid eolais leis an gcóras árachais shóisialaigh a choinneáil ach cuireann siad ceisteanna maidir leis an gcothromaíocht idir ranníocaíochtaí a íoctar isteach sa chóras árachais shóisialta agus na sochair a fhaightear.  Déantar tagairt d’athruithe le déanaí i mbeartas agus i gcleachtas, mar aon le ról an idirphlé shóisialta agus na hionadaíochta comhchoitinn.

·        Inscne, rang agus teaghlach – déanann anailís measúnú ar an gcaoi a bhfuil foirmeacha teaghlaigh ag athrú, na himpleachtaí do rannpháirtíocht níos mó ban sa lucht saothair, agus na dúshláin leanúnacha a bhaineann le tiomantais oibre agus teaghlaigh a chothromú don chóras leasa shóisialaigh.

·        Córas leasa níos comhtháite – féachann doiciméid eolais ar threochtaí árachais shóisialaigh agus cúnaimh shóisialta agus déanann siad athbhreithniú chun féachaint an bhféadfadh an córas leasa shóisialaigh a bheith níos comhtháite, agus conas a d’fhéadfaí sin a dhéanamh.  Tá comhthéacs níos leithne íocaíochtaí uilíocha, creidmheasanna cánach agus ról na seirbhísí ábhartha freisin don phlé seo.

·        Ioncam, saibhreas agus athdháileadh – déantar machnamh sa tionscadal ar an údar go bhfuil neamhionannas ioncaim margaidh chomh hard in Éirinn agus pléitear athbhreithniú ar chaiteachais chánach agus aird níos mó a thabhairt ar chánacha caipitil.  Cuirtear béim ar a thábhachtaí atá oideachas agus sealbhú scileanna chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas.

 

Rinne Grúpa Oibre breithniú ar na dréachtpháipéir oibre agus ar mholtaí arb iad a théarmaí tagartha: (a) scrúdú a dhéanamh ar na príomhtheachtaireachtaí ó na dréachtpháipéir oibre a phléigh an Chomhairle go dtí seo; agus (b) tograí a chur ar aghaidh maidir le todhchaí an chórais leasa shóisialaigh, agus le hárachas sóisialta, go háirithe.

 

Phléigh Comhairle an NESC an tuarascáil deiridh, The Future of the Irish Social Welfare System:Participation and Protection, le heipealóg ar impleachtaí na n-athruithe le déanaí ar an gcóras leasa shóisialaigh mar gheall ar Covid-19.

 

Doiciméid Eolais:

The Position of the Self-Employed

Challenges Facing the Welfare State