Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Well-Being Framework > Consultation Report
Tuarascáil Chomhairliúcháin
Tá an Rialtas tiomanta do chreat folláine cuimsitheach a fhorbairt agus is í Roinn an Taoisigh atá i gceannas ar an obair sin, atá comhurraithe ag an Roinn Airgeadais agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le tacaíocht ó Ghrúpa Oibre Idir-rannach níos leithne.
In 2021, iarradh ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta bealach a chur ar fáil chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, trí chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht ar cholúin comhpháirtíochta sóisialta éagsúla, agus saineolaithe agus lucht spéise seachtracha araon. Bhunaigh an Chomhairle Grúpa Páirtithe Leasmhara agus Saineolaithe a thacaigh leis an obair sin.
Cuireadh tuarascáil Creat Folláine na hÉireann:Tuarascáil Chomhairliúcháin i dtoll a chéile bunaithe ar rannpháirtíocht agus comhairliúchán agus b’ionchur tábhachtach a bhí sa tuarascáil sin maidir le Chéad Thuarascáil an Rialtais ar Chreat Folláine d’Éirinn.
Féach ar Chomhaltacht, ToR agus Miontuairiscí Ghrúpa Páirtithe Leasmhara agus Saineolaithe an NESC
Follow us @NESCireland