Tá tú anseo: Baile > Our Work > Shared Island

Oileán Comhroinnte

Tá NESC, ar iarratas ó Roinn an Taoisigh ag tabhairt faoi chlár taighde chun tuarascáil chuimsitheach ar an Oileán Comhroinnte a chur i dtoll a chéile a dhéanfaidh eolas don Tionscnamh um Oileán Comhroinnte mar thosaíocht uile-Rialtais.

Oileán Comhroinnte: Sheol an Taoiseach Micheál Martin T.D Deis Chomhroinnte – Tuarascáil Chuimsitheach NESC  ag ócáid ar an 21 Márta 2022.

Tá 3 chonclúid uileghabhálach sa tuarascáil.

Ar an gcéad dul síos, tá tacaíocht shuntasach, ó thaobh na praiticiúlachta de, do chur chuige uile-oileáin maidir le príomhdhúshláin eacnamaíochta, shóisialta, chomhshaoil, agus folláine.

Ar an dara dul síos, tugann athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta ardán soiléir práinneach do ghníomhaíocht agus do chomhoibriú uile-oileáin uaillmhianach.

Ar an tríú dul síos, is iad na cúinsí atá ag dul i bhfeidhm ar chomhoibriú atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí ná clár oibre, acmhainní, cinnteacht agus tacaíocht polaitíochta comhpháirteach, comhleanúnachas reachtaíochta agus rialála, agus tionscadail chomhoibritheacha.

Tá moltaí sonracha déanta sa tuarascáil thar cúig phríomhréimse maidir leis an ngeilleagar agus infheistíocht, beartas sóisialta, aeráid agus bithéagsúlacht, tomhas folláine agus comhordú sonraí.

Is í an tuarascáil seo toradh an taighde ar an Oileán Comhroinnte a rinne NESC i rith 2021. Bhí níos mó ná 100 cruinniú le cleachtóirí, lucht ceaptha beartas, acadóirí agus saineolaithe ó raon leathan institiúidí ar fud an oileáin ar fad, obair mhionsonraithe san Iarthuaisceart lena n-áirítear ceithre ghrúpa fócais, comhairliúchán poiblí faoin aeráid agus faoin mbithéagsúlacht. Tá roinnt ábhar foilsithe mar thoradh ar an obair seo agus tá siad leagtha amach thíos.

Páipéar Scóipe: Tionscadail, Dul Chun Cinn agus Beartas foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta ina leagtar amach an cur chuige atá molta chun taighde a dhéanamh ar an tionscnamh um Oileán Comhroinnte. Cabhróidh taighde NESC le bonn eolais a fhorbairt agus comhthuiscint a chothú ar na bealaí inar féidir an chomhpháirtíocht a chur chun cinn i roinnt réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil in Éirinn, Thuaidh agus Theas, agus idir na hoileáin seo Thoir agus Thiar freisin.

Cuireadh Páipéar Comhairliúcháin ar Dhúshláin agus ar Dheiseanna na hAeráide agus na Bithéagsúlachta ar fáil. Thug sé forléargas ar staid reatha an eolais agus ar na cineálacha beartais atá á leanúint ar mhaithe leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, agus tagraíodh freisin do bheartais na Ríochta Aontaithe, an AE agus do bheartais idirnáisiúnta.  Trí phróiseas comhairliúcháin, féachadh leis an obair an tuiscint atá ag príomhpháirtithe leasmhara a ghlacadh san áireamh agus a bheith ina chuid den chomhrá agus rannpháirtíocht níos leithne ar na gnéithe uile-oileáin a bhaineann leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht. Tá tuarascáil iomlán na comhairle foilsithe ó chríochnaigh an chomhairliúchán chomh maith le hachoimre ghearr ar na haighneachtaí a fuarthas. Tá an NESC buíoch do na daoine go léir a bhí rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin.

dhá pháipéar taighde foilsithe ag an NESC ina ndéantar scrúdú ar an luach a bhaineann le tuiscint a fháil ar na cineálacha éagsúla ceantair thuaithe atá ann agus ar na deiseanna teacht aniar eacnamaíochta a fhorbairt fad is atá Éire ag aistriú chuig geilleagar agus sochaí ísealcharbóin, digiteach agus atá faoi bhláth.

Foilsíodh Páipéar Rúnaíochta maidir leis an gclár Dea-Phoist.  Sainaithnítear sa pháipéar seo gurb é atá i gceist leis an gclár ‘dea-phoist’ ná iarracht as éadan a dhéanamh i leith beartais a chur chun cinn a d’fheabhsódh caighdeán agus táirgiúlacht na hoibre agus eispéiris, ioncaim agus caighdeán maireachtála na n-oibrithe.  Tá an clár oibre seo dírithe ar shraith beart agus gníomhaíochtaí a aimsiú a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán na bpost laistigh den mhargadh fostaíochta.  Baineadh úsáid as agallaimh le páirtithe leasmhara in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus fuarthas amach go bhfuil tacaíocht láidir ann do chur chuige uile-oileáin maidir le cruthú ‘dea-phoist’.

Tá foilseachán ina dtugtar léargas ginearálta ar phríomhtháscairí eacnamaíochta sa dá chuid den oileán agus aon cheangal atá eatarthu ar fáil chomh maith.  Scrúdaítear i dtuarascáil bhainteach (A Regional Perspective on Ireland, North and South) na gnéithe eacnamaíochta a bhaineann le réigiúin ar fud an oileáin agus breithnítear fadhbanna forbartha sna réigiúin inti chomh maith.

Ar deireadh, foilsíodh tuarascáil ar Eolas agus Ceachtanna a Roinnt maidir le Bochtaineacht a Chomhrac chomh maith. Is é toradh na tuarascála gur cúis imní í an bhochtaineacht ar an dá chuid den oileán agus déantar iniúchadh inti ar dheiseanna chun eolas agus ceachtanna a roinnt lena n-oibreofar i dtreo an bhochtaineacht a laghdú ar fud an oileáin.

Go luath sa bhliain 2022, foilsíodh tuarascáil Rúnaíochta nua, Cúrsaí Meabhairshláinte ó thaobh Oileán Comhroinnte, a chuireann forléargas ar fáil ar an timpeallacht beartas meabhairshláinte ó Thuaidh agus ó Dheas, agus ina leagtar béim ar shamplaí de réimsí ina bhfuil leas á bhaint cheana féin as chomhoibriú, faoi stiúir na hearnála pobail agus deonaí go minic. Tugtar moltaí sa tuarascáil i dtaobh réimsí a d’fhéadfaí a fhorbairt tuilleadh.

 

Follow us @NESCireland