Comhdháil NESC@50 – Aisbhreathnú & Buaicphointí

28/11/2023

Imeachtaí

Mar chuid de chlár taighde agus imeachtaí NESC@50 an Chomhairle, reáchtáladh mórchomhdháil beartais Déardaoin, an 23 Samhain 2023 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Thug an chomhdháil le chéile lucht féachana lánacmhainne de 300 ball den phobal beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le ‘Éire Faoi Bhláth’, agus ar na bearta a theastaíonn chun é sin a chinntiú. Dhírigh an ócáid ar fhís NESC, ar a bunús agus ar na bearta a theastaíonn chun tacú léi agus chun í a chumasú. Léirigh sí freisin modh oibre sonrach an Chomhairle – taighde, idirphlé agus comhairle – i mbun gnímh.

Cliceáil ar na naisc thíos chun léargas níos doimhne a fháil ar an gcomhdháil agus ar an obair ghaolmhar:

 

Is féidir leat an taispeántas sleamhnán thíos a úsáid freisin chun scrollú trí ghailearaí grianghraf ón lá:

 

Previous Image
Next Image

info heading

info content

 

Gailearaí Físeáin

 

 

 

 

San fhíseán thuas tá ranníocaíochtaí ó John-Mark McCafferty, Príomhfheidhmeannach, Threshold (0:07); Gráinne Mullins, Príomhfheidhmeannach agus Bunaitheoir, Grá Chocolates (2:47); an Gobharnóir Joe Donohue, Shelton Abbey Open Centre (4:54); Ejiro Ogbevoen, Síciteiripeoir Comhairleoireachta, Bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach, Black Therapists Ireland (7:18); Cian FitzGerald, Taighdeoir – Slándáil agus Cosaint/Beartas Eachtrach, An Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (10:26); Stephanie Manahan, Príomhfheidhmeannach, Pieta (12:13); agus Jack O’Meara, Príomhfheidhmeannach, Ochre Bio (15:20).