
Thosaigh an Dr. Damian Thomas ag obair le NESC i mí Aibreáin 2010, tar éis dó a bheith ag obair roimhe sin leis an NCPP ó 2002. Sular thosaigh sé ag obair leis an NCPP, d’oibrigh sé mar Oifigeach Taighde le Cumann na nArd-Sheirbhíseach Sibhialta agus Poiblí (AHCPS). Roimhe sin, bhí sé ina Scoláire Newman sa Chúirt Oibreachais ag UCD (1997-2000) agus ina chomhlach taighde ag an Centre for Urban & Regional Development Studies, Ollscoil Newcastle (1993-1995). Bronnadh PhD air in 2003 ó Ollscoil Newcastle as a chuid oibre ar chomhpháirtíocht shóisialta agus rialachas in Éirinn. D’oibrigh an Dr. Thomas sa Roinn Airgeadais ar iasacht ó Mhárta 2012 go deireadh 2014, agus le linn a thréimhse ansin d’oibrigh sé go príomha i réimsí Maoiniú FBManna, maoiniú neamhbhainc agus Dócmhainneacht Phearsanta. I measc na dtionscadal a raibh Damian páirteach go díreach iontu bhí bunú Chorpáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann. Bhí sé ina bhall freisin de Rúnaíocht Ardleibhéal Saineolaithe an AE ar Mhaoiniú agus Bonneagar FBManna.
Ríomhphost: damian.thomas@nesc.ie