
Tháinig Niamh Garvey isteach le NESC mar Anailísí Sinsearach Beartais i Márta 2021 agus oibríonn sí i réimse an fhorbartha inbhuanaithe agus an ghníomhaithe ar son na haeráide. Bhí Niamh roimhe seo ina Ceannasaí Beartais agus Abhcóideachta ag Trócaire – eagraíocht Éireannach um fhorbairt idirnáisiúnta, a oibríonn i 17 dtír ar fud na hAfraice, na hÁise agus Mheiriceá Laidinigh, áit ar threoraigh sí foireann comhairleoirí beartais agus abhcóideachta a bhí ag obair ar athrú aeráide, talmhaíocht inbhuanaithe, gnó agus cearta an duine agus airgeadas idirnáisiúnta. Bhí róil roimhe seo aici i dtaighde agus abhcóideacht ag Christian Aid agus ag an Institute of Development Studies, agus d’fheidhmigh sí mar Stiúrthóir Boird le roinnt ENRanna, lena n-áirítear Comhrialtas Fiachais agus Forbartha Éireann, Cairde an Domhain Éire agus Marc an Chóirthrádála Éire. Is céimí í de chuid Ollscoil Durham agus an Institute of Development Studies, Ollscoil Sussex.
Ríomhphost: niamh.garvey@nesc.ie