Tá sé i gceist leis an gcuid seo den suíomh cabhrú leat do chearta a fheidhmiú faoi Acht na Saorála Faisnéise 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise).
Tá NESC faoi réir théarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise. Faoi théarmaí an Achta um Shaoráil Faisnéise, tá sé de cheart ag gach duine:
- rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh NESC;
- faisnéis phearsanta atá i seilbh orthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
- fáthanna a fháil do chinntí a dhéanann NESC a mbíonn tionchar acu orthu.
Más mian leat ceann amháin nó níos mó de na cearta seo a fheidhmiú maidir le faisnéis a d’fhéadfadh a bheith i seilbh NESC, féach an doiciméad thíos maidir le conas iarratas ar shaoráil faisnéise a dhéanamh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Shaoráil Faisnéise go ginearálta, tabhair cuairt ar http://foi.gov.ie/.
Iarratais ar Shaoráil Faisnéise
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, íoslódáil ár dtreoir maidir le conas iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chuig NESC.
Ba cheart aon cheisteanna maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise ó NESDO nó NESC a sheoladh chuig:
Oifigeach Saorála Faisnéise
NESDO
Teil: 01-8146300
Ríomhphost: info@nesc.ie