Tá tú anseo: Baile > Our Work > Land Use, Land Value and Urban Development > Housing

Tithíocht

Roimh ghéarchéim Covid-19 bhí dúshláin shuntasacha in Éirinn san earnáil tithíochta lena n-áirítear aschur tithíochta neamhleor, brúnna géara inacmhainneachta san earnáil phríobháideach cíosa agus riachtanas ard le haghaidh tithíocht shóisialta nach raibh á chomhlíonadh. Tá sé níos mó ná dhá bhliain ó leag an Chomhairle amach anailís ar Chóras na hÉireann um fhorbairt uirbeach, bainistíocht talún agus soláthar tithíochta. Ba é tátal an taighde sin go raibh an córas mífheidhmiúil agus go raibh gá le sraith beart chun é a shocrú.

De bhun an chuspóra sin, tá taighde reatha an NESC, Beartas Tithíochta: Gníomhartha chun Athrú a Sheachadadh, dírithe ar dhá shaincheist ghaolmhara. Ar dtús, an bhearna soláthair a líonadh trí bhainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar luach talún agus suímh ar mhaithe le leas an phobail; agus sa dara háit, an bhearna inacmhainneachta a líonadh trí inacmhainneacht bhuan a réiteach.

Léigh an Tuarascáil Iomlán anseo.

Léigh an Preas Ráiteas anseo.

Léitheoireacht bhreise:

The Implications of Covid-19 for Housing in Ireland