Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Jobless Households and the Quality of Supportive Services

Teaghlaigh gan Obair agus Caighdeán na Seirbhísí Tacaíochta

In Éirinn, tá céatadán na ndaoine a chónaíonn i dteaghlaigh nach bhfuil aon duine ag obair iontu nó nach bhfuil ach ceangal imeallach acu leis an lucht saothair níos airde ná i bhformhór na dtíortha Eorpacha eile. Tá rátaí bochtaineachta i bhfad níos airde ag na teaghlaigh ‘déine oibre íseal’ seo agus tá tionchar diúltach fadtéarmach ar na leanaí atá ag fás aníos iontu. Tá costais shuntasacha ar an Stát freisin as na haistrithe ioncaim atá riachtanach chun tacú leis na teaghlaigh. Mar thoradh air sin, is ábhar imní beartais in Éirinn an cheist seo le tamall anuas, mar a admhaíodh sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta in 2016, agus sna moltaí tír-shonracha ón gComhairle Eorpach maidir le Clár Athchóirithe Náisiúnta 2017 na hÉireann.

Thosaigh an NESC i mbun oibre ag féachaint ar an gceist seo in 2014 agus foilsíodh a staidéar ar Jobless Households: An Exploration of the Issues, Report No.137 .  Thug sé seo léargas ar na cúiseanna go bhfuil teaghlaigh gan obair, agus scrúdaíodh na sonraí atá ann cheana maidir le hÉirinn.  Ag leanúint as seo, rinne an NESC staidéar cáilíochtúil chun scrúdú domhain a dhéanamh ar ról na seirbhísí maidir le freastal ar riachtanais teaghlach gan obair. Rinneadh 92 agallamh i mbruachbhaile faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath, agus cuireadh 33 teaghlach, 16 sholáthraí seirbhíse áitiúla, agus 11 fhostóir áitiúla faoi agallamh in 2016. Rinneadh agallaimh in 2017 le 11 bhainisteoir réigiúnacha, 12 chinnteoir náisiúnta i ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais, agus 9 bpáirtí leasmhara náisiúnta. Cuireadh grúpa oibre faoi chathaoirleacht an Ollaimh Tony Fahey ar bun go luath in 2018, agus rannpháirtithe ainmnithe ag baill chomhairle an NESC, chun príomhchonclúidí an staidéir a aimsiú.

Tugtar breac-chuntas sna tuarascálacha seo a leanas ar thorthaí an taighde, agus moltar feabhsuithe chun tacú le daoine i dteaghlaigh le déine oibre íseal bogadh isteach san oideachas, san oiliúint agus/nó san fhostaíocht:

1)      Moving from Welfare to Work: Low work intensity households and the quality of supportive services .  Tugtar achoimre sa tuarascáil seo, a d’fhormheas an Rialtas an 19 Meitheamh 2018, ar na torthaí, agus na príomhcheisteanna agus teachtaireachtaí, a d’eascair as an taighde;

2)      Low Work Intensity Households and the Quality of Supportive Services – Detailed Research Report .  Tugtar breac-chuntas níos mionsonraithe sa tuarascáil níos faide seo ar thorthaí an taighde, agus beidh sé úsáideach dóibh siúd ar spéis leo gnéithe áirithe de na torthaí.

Ina theannta sin, is féidir achoimre feidhmiúcháin ar an tuarascáil a íoslódáil anseo.

Tá cur i láthair powerpoint ina ndéantar achoimre ar phríomhthorthaí an taighde ar fáil anseo.

Is féidir preasráiteas an NESC a íoslódáil anseo.

Tá taighdeoirí agus údair na tuarascála, An Dr Helen Johnston agus An Dr Anne-Marie McGauran go mór faoi chomaoin ag na daoine a d’aontaigh go gcuirfí faoi agallamh iad don taighde seo, a chuir a dtaithí agus a dtuairimí isteach ann, agus a bhfuil an taighde bunaithe orthu.  Gabhaimid buíochas freisin leis an ngrúpa oibre agus leis an Ollamh Tony Fahey as a gcuid oibre ar phríomhchonclúidí an taighde a aimsiú.