Tá tú anseo: Baile > Our Work > Land Use, Land Value and Urban Development > Urban Development Land, Housing and Infrastructure

Talamh Forbraíochta Uirbeach, Tithíocht agus Bonneagar

Bhí an taighde seo ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar ról úsáid talún, gabháil luach talún agus forbairt uirbeach maidir le dul i ngleic leis na dúshláin beartais chéanna seo. Tugtar aghaidh sa tuarascáil, a cruthaíodh mar thoradh air sin, Talamh Forbraíochta Uirbeach, Tithíocht agus Bonneagar: Ag Socrú Córas Briste na hÉireann, ar roinnt dúshlán a sainaithníodh i straitéis an Rialtais, Tionscadal Éireann 2040.  Ina measc seo tá soláthar tithíochta ar chíos inacmhainne agus tithíocht úinéirí-áitithe do sciar méadaitheach den daonra agus méadú leanúnach ar leibhéal na hinfheistíochta i mbonneagar poiblí a bhaint amach.

Déantar cás sa tuarascáil go gcaithfidh an Stát soláthar tithíochta agus forbairt uirbeach a stiúradh.  Tá córas tithíochta na hÉireann amhantrach, luaineach agus costasach. Is é an éifeacht atá ag nádúr mífheidhmiúil an chórais talún uirbigh nach bhfuil talamh ar fáil in áiteanna iomchuí ar chostas a bhféadfaí tithíocht inacmhainne a sholáthar.  Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil ar eispéireas tíortha idirnáisiúnta a bhfuil córais tithíochta níos éifeachtaí, níos inacmhainne agus níos cobhsaí acu (an Ísiltír, an Ghearmáin, an Ostair agus eile), agus an spéis idirnáisiúnta atá ag dul i méid úsáid a bhaint as an ardú i luach talún chun cuidiú le bonneagar iompair agus tithíocht inacmhainne a mhaoiniú.  Ag tarraingt ar an bhfianaise seo, tugtar breac-chuntas sa tuarascáil ar shraith chomhtháite gníomhartha beartais chun córas briste na hÉireann a shocrú.

Preasráiteas

Achoimre Fheidhmeach

Tuarascáil Iomlán

Agus an tuarascáil seo á forbairt, d’ullmhaigh Rúnaíocht an NESC dhá doiciméad eolais:

International Approaches to Land Use, Housing and Urban Development; agus

Land Value Capture and Urban Public Transport.

Ag tógáil ar an obair seo, i mí Feabhra 2018 d’eagraigh an NESC ceardlann ar chur chuige idirnáisiúnta maidir le bainistíocht ghníomhach talún, inacmhainneacht tithíochta agus úsáid ionstraimí éagsúla chun bonneagar a mhaoiniú. Bhí sainchainteoirí ann ón Ísiltír, ón Ostair agus ón Ríocht Aontaithe, agus d’fhreastail gníomhaithe sinsearacha ó ranna agus gníomhaireachtaí rialtais air, chomh maith le hionadaí ó gach piléar den Chomhairle.  Tá an fhoghlaim ón gceardlann seo agus ó chumarsáid na Rúnaíochta leis na saineolaithe idirnáisiúnta ina dhiaidh sin le feiceáil sa tuarascáil deiridh.