Tá tú anseo: Baile > Our Work > Sustainable Development and Climate Action > Agriculture and Climate Action
Talmhaíocht agus Gníomhú ar son na hAeráide
Tugann tiomantais Rialtais i dtaobh laghduithe 51 faoin gcéad a bhaint amach i ngás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 agus neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoin mbliain 2050, spriocanna atá ina gceangal de réir an dlí, le fios go bhfuil athruithe suntasacha i ndán don earnáil talmhaíochta sa deich mbliana romhainn amach. Tá iarrtha ag an Rialtas ar NESC tabhairt faoi thaighde ar chúrsaí aeráide agus talmhaíochta sa bhliain 2022, taighde a leagfaidh béim ar conas tacú le haistriú cóir i dtaobh na haeráide maidir le cúrsaí talmhaíochta .
Déanfar mar is féidir spriocanna aeráide, agus an t-aistriú a thugtar le fios leis na spriocanna sin a bheidh i gceist do chúrsaí talmhaíochta na hÉireann, a bhaint amach ar bhealach a ghlacann cothromas agus ionchuimsiú sóisialta, teacht aniar timpeallachta agus folláine geilleagair san áireamh a scrúdú leis an tionscadal seo. Déanfar cúrsaí talmhaíochta i gcomhthéacs níos leithne i leith úsáid talún, foraoiseachta agus deiseanna d’fhorbairt tuaithe a bhreithniú sa tionscadal.
Déanfaidh grúpa oibre NESC maoirseacht ar an obair agus tá sé i gceist í a bheith tugtha chun críche faoi mhí Márta 2023.
Follow us @NESCireland

