Tá tú anseo: Baile > Our Organisation
Ár nEagraíocht
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC) in 1973. Is é príomhról na heagraíochta comhairle a chur ar an Taoiseach maidir le saincheisteanna beartais straitéisigh a bhaineann le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil inbhuanaithe in Éirinn. Is é fís na Comhairle, ar glacadh léi in 2020, go mbeidh Éire ina geilleagar, comhshaol agus sochaí ina bhfuil teacht aniar, atá inbhuanaithe, a bhfuil borradh fúithi agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus úsáid á baint as nuálaíocht agus comhullmhacht chun an todhchaí a theastaíonn uainn a bhaint amach a mhúnlú – léigh tuilleadh maidir leis an bhfís anseo.
Cuireadh tús le téarma na Comhairle reatha i mí an Mheithimh 2022.An Taoiseach a cheapann Comhaltaí na Comhairle le haghaidh téarmaí trí go cúig bliana. Is ionadaithe iad na comhaltaí sin ó eagraíochtaí gnó agus fostóirí, ceardchumainn, eagraíochtaí talmhaíochta agus feirmeoireachta, eagraíochtaí pobail agus deonacha, agus eagraíochtaí comhshaoil. Déantar ionadaíocht freisin ar cheannairí ranna Rialtais agus saineolaithe neamhspleácha.
Mar thoradh air sin, tá ról tábhachtach agus uathúil ag Comhairle NESC chun dearcthaí éagsúla ón tsochaí shibhialta a thabhairt le chéile, mar aon le dearcthaí an Rialtais. Cuidíonn sé seo le NESC anailís a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh shochaí na hÉireann agus chun comhthuiscint a fhorbairt i measc a chomhaltaí faoin gcaoi le dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Tagann Comhairle NESC le chéile ar bhonn ráithiúil. Bíonn na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh. Ag gach cruinniú pléann an Chomhairle tuarascálacha arna ndréachtú ag Foireann Rúnaíochta NESC. Déanann an Chomhairle clár oibre NESC a chinneadh ar bhonn bliantúil, le hionchur ó Roinn an Taoisigh.
Oibríonn an Chomhairle freisin ar leibhéal idirnáisiúnta, ag oibriú le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta agus le comhairlí comhshaoil bhallstáit eile an AE. Tá sí ina comhalta de AICESIS, Cumann Idirnáisiúnta na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta agus d’Eagraíochtaí Comhchosúla eile.
Ráiteas Straitéise NESC 2025-28
Cliceáil anseo chun féachaint ar Ráiteas Straitéise oifigiúil NESC do na blianta 2025-2028.
Cliceáil anseo chun an leagan Gaeilge den Straitéis a fháil.
In 2024 rinne NESC iarracht Ráiteas Straitéise oifigiúil a dhréachtú, a chuirfeadh eolas ar fáil dár gcuid oibre agus próisis san am i láthair agus go luath sa todhchaí. Soláthraítear sa Ráiteas seo, a foilsíodh i Márta 2025, cuntas mionsonraithe ar chlár oibre NESC don chuid eile den bhliain seo i gcomhréir leis na ceithre Thoradh Straitéiseacha atá mionsonraithe laistigh. Léirítear sna Torthaí Straitéiseacha seo ár dtiomantas ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha i bpríomhréimsí, go seachtrach, (ról NESC sa chóras beartas agus an méid a chuireann sé leis an tsochaí níos leithne) agus go hinmheánach (forbairt eagraíochta agus rialachas corparáideach).
Cliceáil anseo chun féachaint ar Chlár Oibre reatha NESC do 2025.
