Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Our History

Stair na Comhairle

Tá ról sainiúil i gceapadh beartais in Éirinn ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach le 50 bliain trína próisis bhreithniúcháin. Sna blianta tosaigh, bhí an NESC ar cheann de bheagán comhlachtaí a bhí i mbun anailís straitéiseach, fadtéarmach ar staid agus ar fhadhbanna na hÉireann.

2020idí

Tá an NESC ag ceiliúradh 50 bliain a bunaithe in 2023. Chun comóradh leathchéad bliain a dhéanamh ar chomhairle a thabhairt don Taoiseach agus don Rialtas ar shaincheisteanna beartais straitéisigh, óstálfaidh muid comhdháil ar an láthair sa Chlólann, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an 23 Samhain 2023. Chun tuilleadh a fháil amach faoin imeacht seo, chomh maith leis na pleananna eile atá againn don bhliain, cliceáil anseo.

Tá dhá Thuarascáil de chuid na Comhairle foilsithe go dtí seo sa bhliain 2023 ag an NESC: Private Rental in Ireland agus Understanding the Irish Economy in a Time of TurbulenceCaith súil ar ár gClár Oibre reatha anseo.

2010idí

I ndeireadh na 2000idí agus i dtús na 2010idí scrúdaigh an Chomhairle i roinnt tuarascálacha géarchéim na gcúig chuid in Éirinn mar a thug sí air. D’fhoilsigh sí saothair ar an Aontas Eorpach agus ar cháilíocht agus ar chaighdeáin i roinnt seirbhísí daonna. Tá forbairt déanta ag an NESC ó shin ar a cuid oibre ar bhealach ina ndéantar saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú san anailís a dhéantar ar dhúshláin mhóra na tíre.

2000idí

I lár na 2000idí bhí an NESC, ina cuid oibre ar Stát Leasa Shóisialach Forbraíochta, ag éileamh comharseirbhísí, tacaíochtaí ioncaim agus bealaí nuálacha chun coimirce shóisialach níos fearr a bhaint amach agus rannpháirtíocht do leanaí, daoine in aois oibre, daoine níos sine agus iadsan faoi mhíchumas. Chuir an Chomhairle mórthuarascáil i dtoll a chéile ar Thithíocht chun maith le roinnt páipéar cúlra ar chuir chuige i leith bainistiú talún.

1990idí

Le linn na 1990idí chaith an NESC súil ar staid na hÉireann ó thaobh geilleagair agus sochaí agus a raibh i ndán don tír. Chuir sí comhairle maidir leis an treo a gcaithfeadh Éire dul chun go mbeadh sí in áit mhaith ag dul isteach sa 21ú haois. Chuir sí tuarascálacha i dtoll a chéile ar chomhtháthú agus ar mhéadú an Aontais Eorpaigh, leasú CAP, eisimirce, beartais oideachais agus oiliúna.

1980idí

Thug an ghéarchéim sna 1980idí ar an gComhairle straitéis a chur i dtoll a chéile sa bhliain 1986 le go bhféadfadh an tír an fáinne fí a bhí ann de mharbhántacht eacnamaíochta, cáin ag ardú agus fiachas ard a bhriseadh. Ba ar an tuarascáil sin, Straitéis d’Fhorbairt, a bhí an idirbheartaíocht idir an Rialtas agus comhpháirtithe sóisialacha bunaithe nuair a cuireadh an Clár do Théarnamh Náisiúnta  i dtoll a chéile.  Ba é sin an chéad chomhaontú comhpháirtíochta sóisialta de sheacht gcinn. D’fhoilsigh an Chomhairle obair ar réimsí éagsúla lena n-áirítear a raibh i ndán d’Éirinn sa Chomhphobal Eorpach, tithíocht, oideachas, beartas tionsclaíoch, margadh an tsaothair agus seirbhísí sláinte.

1970idí

I lár na 1970idí d’fhoilsigh an NESC tuarascálacha ar bheartas sóisialach, dáileadh ioncaim agus tithíocht chomh maith le foilseacháin ar chaiteachas poiblí agus an teacht isteach ó cháin.

Follow us @NESCireland