Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Sustainable Development

Forbairt Inbhuanaithe

Ón mbliain 2012, tá dearcadh i leith forbairt inbhuanaithe glactha ag an NESC chuici ina clár oibre, arna tacú ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide www.dccae.gov.ie ón mbliain 2016.

Tá forbairt déanta ag an NESC ar a cuid oibre ar dhá bhealach. Cuimsíonn sí saincheisteanna forbartha inbhuanaithe ina cuid anailíse ar dhúshláin mhóra náisiúnta. Tugann sí faoi thaighde ar réimsí spéise sonracha d’ fhorbairt inbhuanaithe.

Comhairlí Comhairleacha Eorpacha um Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhshaoil

Is ball í NESC de Chomhairlí Comhairleacha Eorpacha um Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhshaoil (EEAC) ar líonra é de chomhlachtaí comhairleacha arna mbunú ag rialtais náisiúnta nó réigiúnacha.  Cuireann baill EEAC comhairle neamhspleách ar fáil dá rialtas náisiúnta nó réigiúnach féin chomh maith le réitigh a mholadh agus léargas nua a thabhairt ar dhúshláin atá le sárú ag an tsochaí agus ag an bpláinéad.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, rinne NESC mar bhall óstach an 28ú Comhdháil Bhliantúil EEAC  ‘Athrú Cóir do Chách a Sheachadadh’ a reáchtáil.  Féach anseo chun teacht ar a thuilleadh sonraí faoin imeacht seo.

An Líonra Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (ESDN)

Is ball comhlach í NESC freisin den Líonra Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (ESDN). Is líonra neamhfhoirmiúla é ESDN de riarthóirí poiblí agus saineolaithe eile a bhíonn ag plé le straitéisí forbartha inbhuanaithe (SD) san Eoraip.

Follow us @NESCireland