Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > NESDO > Futures Ireland

Futures Ireland

Sa tionscadal FuturesIreland, pléadh an dúshlán a bhaineann le feabhas a chur ar chumas na hÉireann chun bheith nuálach, foghlaim ó thurgnaimh agus ó thionscnaimh phíolótacha agus feabhas leanúnach a dhéanamh den fhoghlaim. Chun iniúchadh a dhéanamh ar na dúshláin sin, d’oibrigh muid thar 18 mí le grúpa mór de nuálaithe praiticiúla agus le grúpa níos lú de cheannairí agus smaointeoirí ardleibhéil.

Is í an argóint lárnach atá sa tuarascáil seo ná go bhfuil muintir na hÉireann—i gcúrsaí gnó, sa tsochaí agus sa tseirbhís phoiblí—réidh le haghaidh i bhfad níos mó nuálaíochta, níos mó foghlaim fhorleathan agus freagrachtaí níos saibhre; ach cuireann gnéithe den chóras eagraíochta srian ar na hacmhainní agus ar na cleachtais a thacaíonn leo sin. Tá impleachtaí suntasacha ag an argóint sin faoi mar a thugann muid aghaidh ar an ngéarchéim ghéar atá ann faoi láthair agus faoi mar a leagann muid na bunchlocha le haghaidh rathúnas amach anseo agus comhtháthú sóisialta. Mar a bhí sna 1950idí agus sna 1980idí, tá rogha le déanamh arís ag Éirinn.  Cé go bhfuil cúiseanna ann, ar ndóigh, a léiríonn go bhfuil muid ag bogadh i dtreo comhthéacs níos neamhchinnte agus níos lú séimhe—ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de agus i mbeartas poiblí—tacaíonn an argóint lárnach atá againn le dearcadh níos dearfaí ar an gcor cinniúnach atá os ár gcomhair agus ar an aistriú a d’fhéadfadh a bheith romhainn.  Is ó na ceithre phríomhthoradh sa tionscadal a d’eascair an dearcadh seo ar chumas na hÉireann chun sochaí foghlama a chruthú.

Léigh an tuarascáil go léir anseo

Follow us @NESCireland