Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > NESDO

NESDO

Leis an reachtaíocht, An tAcht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach, 2006, a bunaíodh an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach.

Is í NESDO an comhlacht corparáideach do NESC, a chuireann seirbhísí tacaíochta riaracháin ar fáil don Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESC) agus a chuireann gach tuarascáil, moladh agus conclúid a eascraíonn as taighde a dhéanann NESC, faoi bhráid an Rialtais; agus a shocraíonn tuarascálacha a fhoilsiú ar láithreán gréasáin NESC.

Foilsíonn NESDO tuarascálacha bliantúla ina sonraítear iontu a cuid gníomhaíochtaí agus ina gcuirtear a Ráiteas Airgeadais iniúchta ar fáil iontu.  Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le Gaye Malone, Ceann Gnóthaí Corparáideacha.

Follow us @NESCireland