Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Terms of Reference

Téarmaí Tagartha

Leagtar amach Téarmaí Tagartha agus comhdhéanamh an NESC san Acht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach, 2006 agus san Ordú um Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach (Athrú ar Chomhdhéanamh), 2010.

Feidhmeanna an NESC

Is iad feidhmeanna na Comhairle anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna beartais straitéisigh a bhaineann le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta, sóisialach agus comhshaoil in Éirinn agus tuairisciú orthu chuig an Taoiseach.

Is féidir leis an gComhairle na nithe sin a bhreithniú as a stuaim féin nó ar iarratas ón Taoiseach.  Déantar tuarascálacha na Comhairle a chur faoi bhráid an Rialtais sula bhfoilsítear iad.

Ballraíocht an NESC

Tá ballraíocht na Comhairle comhdhéanta de chathaoirleach, leas-chathaoirleach, arna gceapadh ag an Taoiseach chomh maith le triúr arna n-ainmniú ag gach ceann díobh seo:

  • eagraíochtaí gnó agus fostóirí;
  • Comhdháil na gCeardchumann;
  • eagraíochtaí talmhaíochta agus feirmeoireachta;
  • eagraíochtaí pobail agus deonacha; agus
  • eagraíochtaí comhshaoil;

Chomh maith le ceathrar seirbhíseach poiblí lena n-áirítear duine le hionadaíocht a dhéanamh ar an Aire Airgeadais; agus seachtar eile a bhfuil eolas, taithí agus scileanna acu a mheasann an Taoiseach a bheith ábhartha d’fheidhmeanna na Comhairle.

Maoiniú

Is trí Roinn an Taoisigh  a dhéantar maoiniú ar an NESC.  Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste cuntais bhliantúla na Comhairle a iniúchadh agus cuirtear faoi bhráid Thithe an Oireachtais iad.

Follow us @NESCireland