Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Digital Inclusion

Cuimsiú Digiteach

Tá an tsochaí ag athrú go mór mar thoradh ar Covid-19, agus tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) maidir leis seo. Tá TFC ag cuidiú leis an tsochaí feidhmiú go héifeachtach le teagmháil nach bhfuil chomh gar, cibé i dtéarmaí cianoibre, foghlama nó gníomhaíochta áineasa atá i gceist.  Tháinig roinnt saincheisteanna fadbhunaithe chun cinn maidir le cumas chodanna éagsúla den tsochaí, den ghnó agus den rialtas dul i dteagmháil leis an todhchaí digiteach. Roimh Covid-19 bhí fianaise ann go raibh deighiltí i rochtain ar TFC ann, agus tá an phaindéim tar éis na deighiltí a mhéadú ar roinnt bealaí.

 

Áirítear ar na deighiltí seo:

·        rochtain gheografach, bhí nasc leathanbhanda seasta ag 92 faoin gcéad de theaghlaigh i mBaile Átha Cliath in 2019, i gcomparáid le 69 faoin gcéad de theaghlaigh i Lár na Tíre;

·        inacmhainneacht, is dócha go mbeidh grúpaí ioncaim níos ísle ag brath ar naisc dhigiteacha soghluaiste amháin, agus is lú seans go mbeidh gairis éagsúla acu chun an rannpháirtíocht leis an domhan digiteach a uasmhéadú;

·        scileanna, le daoine scothaosta agus iad siúd ó ghrúpaí ar ioncam níos lú a bhfuil níos lú scileanna digiteacha acu ná a chéile; agus

·        an gá a bhraitear i dtaobh úsáid a bhaint as an idirlíon/dearcadh i leith an idirlín, le go leor grúpaí níos sine agus grúpaí nach bhfuil an oiread scileanna acu ag meas nach bhfuil an oiread sin gá acu úsáid a bhaint as an domhan digiteach.

 

Tá na deighiltí seo le feiceáil i measc daoine aonair agus teaghlaigh, i measc gnólachtaí agus an phobail feirmeoireachta, agus laistigh de sheirbhísí poiblí.  Ciallaíonn siad nach bhfuil grúpaí i sochaí na hÉireann agus sa gheilleagar in ann úsáid iomlán a bhaint as saol digiteach an lae inniu agus sa todhchaí.  Is ábhar imní iad na saincheisteanna seo i bhfianaise a thábhachtaí atá forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha do thodhchaí an gheilleagair agus na sochaí.

 

Tabharfaidh an tionscadal NESC seo ar chuimsiú digiteach breac-chuntas ar mhéid na n-athruithe ar rochtain ar TFC go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, na cúiseanna leis seo, na beartais a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht in Éirinn, agus a rath go dtí seo.  Féachfaidh sé ansin ar ghníomhartha nuálacha a cuireadh i bhfeidhm go hidirnáisiúnta agus in Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí seo; agus a mhéid a bhféadfaí glacadh níos leithne leo in Éirinn.

 

Pléifidh an dara céim den tionscadal an bealach a leagtar amach seirbhísí poiblí lena chinntiú gur féidir leis na húsáideoirí go léir iad a úsáid.

 

Beidh an t-ábhar a bhaileofar ar fáil le cur leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua, agus lena cur i bhfeidhm; agus leis an straitéis 10 mbliana maidir le litearthacht, uimhearthacht agus scileanna digiteacha atá á forbairt faoi láthair.  Tabharfar tuarascáil don Chomhairle chun críche in Earrach 2021.

 

Follow us @NESCireland