Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > NESDO > Access to Information on the Environment

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC)

Le Rialacháin RFC 2007 go dtí 2014, tugtar an ceart do shaoránaigh teacht ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na Rialacháin, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá coinnithe ag údarás poiblí nó atá coinnithe d’údarás poiblí, faoi réir eisceachtaí áirithe, a chur ar fáil arna hiarraidh d’aon duine.

Cuirtear sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil ar fáil sna Rialacháin agus tugtar achoimre ar an tslí ar cheart iarrataí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’údaráis phoiblí. Déantar foráil sna Rialacháin freisin do nós imeachta achomharc foirmiúil sa chás go mbeadh duine míshásta le cinneadh ar a n-iarraidh.

Ba cheart iarrataí faoi Rialacháin RFC a chur ar fáil don údarás poiblí lena mbaineann.

Sna Rialacháin RFC cuirtear sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil ar fáil; tugtar achoimre ar an tslí ar cheart iarrataí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’údaráis phoiblí agus ar an tslí ar cheart d’údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí e.g. achair ama le haghaidh freagraí.  Déantar foráil sna Rialacháin freisin do nós imeachta achomharc foirmiúil sa chás go mbeadh duine míshásta le cinneadh ar a n-iarraidh.

Mar is féidir leat iarratas RFC a dhéanamh

Ba cheart Iarratais maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

Oifigeach RFC
An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach
16 Cearnóg Parnell Thoir
Baile Átha Cliath 1

Nuair atá iarraidh ar fhaisnéis á déanamh agat faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, éilítear ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin RFC agus an t-iarratas a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach (info@nesc.ie);
  • do shonraí teagmhála a chur ar fáil; agus
  • an fhaisnéis chomhshaoil atá de dhíth a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, agus an cineál faisnéise agus an tslí ar mhian leat teacht uirthi a lua go sonrach.

Go hiondúil, cuirfear cinneadh d’iarrata in iúl duit laistigh de 1 mhí amháin ó fuarthas an iarraidh.

Táillí

Níl aon táille thosaigh i gceist chun iarratas a dhéanamh faoi Rialacháin RFC.  Mar sin féin, is féidir le húdarás poiblí táille réasúnach a ghearradh as an bhfaisnéis a iarradh a chur ar fáil.   D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu sin na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur i dtoll a chéile, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil.

  • Taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil: €20.00 san uair;
  • Fótachóipeáil: €0.04 in aghaidh an leathanaigh ag brath ar an méid faisnéise atá san iarraidh.
  • CD-ROM: €10.00

Níl aon táille i gceist chun iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh.

€150 a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €50 a chosnaíonn sé má tá cárta leighis agat nó má tá tú ag brath ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige/aici nó más tríú páirtí thú ag déanamh achomhairc ar an gcinneadh chun fáisnéis áirithe a eisiúint.

Riachtanais chun déileáil le hiarrataí

Go ginearálta, éilítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarraidh RFC laistigh d’aon mhí amháin ó fuarthas an iarraidh. Sa chás nach bhfuil údarás poiblí in ann freagra a thabhairt laistigh d’achar ama aon mhí amháin, mar gheall ar chastacht nó an méid faisnéise atá de dhíth, tá orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh den mhí le cur in iúl cén uair a eiseofar freagra. Níor cheart don dáta sin a bheith níos mó ná dhá mhí ó fuarthas an chéad iarraidh.

Mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ag an údarás poiblí; is féidir leis an iarraidh a chur ar aghaidh chuig údarás poiblí eile nó comhairle a thabhairt don iarratasóir faoin áit a gcreideann sé ar cheart an iarraidh a sheoladh.  I gceachtar den dá chás, ní mór an t-iarratasóir a chur ar an eolas.

Forais maidir le faisnéis a dhiúltú

Tá roinnt foras inar féidir le húdarás poiblí faisnéis a dhiúltú; áirítear orthu sin nuair atá comhlacht ag gníomhú i gcáil reachtaíochta nó i gcáil bhreithiúnach (Airteagal 3(2)) agus forais éigeantacha (Airteagal 8) agus forais lánroghnacha (Airteagal 9) araon chun faisnéis a dhiúltú.   Nuair atá cinneadh á dhéanamh ar cheart faisnéis a eisiúint nó gan í a eisiúint, éilítear ar chomhlacht poiblí na forálacha in Airteagal 10 a mheas.

Cinneadh a achomharc

Faoi Airteagal 11 de Rialacháin RFC, tá sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh a lorg.  Is féidir leat freisin athbhreithniú inmheánach a lorg mura bhfuil freagra faighte agat laistigh den achar ama cuí.  Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin ó fuarthas an chéad chinneadh (is féidir leis an údarás poiblí síneadh a chur leis an achar ama sin ach ní gá dó é sin a dhéanamh).  Níl aon táille i gceist chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athmhachnamh iomlán ar an gceist a dhéanann ball foirne den údarás poiblí, a d’fhéadfadh an cheád chinneadh a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní.

Eiseofar toradh i scríbhinn den athbhreithniú chugat laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an iarraidh ar an athbhreithniú agus sa toradh sin cuirfear in iúl duit faoin gcinneadh, an chúis leis an gcinneadh agus beidh comhairle ann faoi do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil lena n-áirítear na teorainneacha ama agus táillí a bhaineann le hachomharc mar sin.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil.  Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ó fuarthas an cinneadh ar an athbhreithniú inmheánach ón údarás poiblí.  Mar sin féin, is féidir leis an gCoimisinéir síneadh a chur leis an teorainn ama i gcásanna aonair.

Tuilleadh Faisnéise

Tá tuilleadh faisnéis ghinearálta faoi Rialacháin ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) lena n-áirítear faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile ar fáil ag www.dccae.gov.ie.

Follow us @NESCireland