Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Secretariat > David Hallinan

David Hallinan

Thosaigh an Dr David Hallinan ag obair le NESC ina Anailísí Beartais sa bhliain 2023. Áirítear ar a ábhar spéise taighde, beartas trádála eachtraí AE, rialachas eacnamaíochta san AE, ról grúpaí sainleasa ó thaobh torthaí beartais náisiúnta agus AE a mhúnlú, monatóireacht agus meastóireacht shocheacnamaíoch agus eacnamaíocht maidir le míchumais agus cúram sóisialta.

Sula ndeachaigh David ag obair le NESC bhí sé ina staitisteoir eacnamaíoch leis an Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA), áit a raibh sé bainteach le taighde cainníochtúil feidhmeach agus le forbairt comhairle beartais le faisnéis ó fhianaise. Áiríodh ar a chuid freagrachtaí, Clár Taighde Comhpháirtíochta an NDA-ESRI a bhainistiú, táscairí cainníochtúla agus fianaise staitistiúil a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú roinnt de na straitéisí náisiúnta san earnáil míchumais, meastóireacht ar Dhearadh Uilíoch (UD) a stiúradh san earnáil tithíochta agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh náisiúnta leis an Treoir ón AE maidir le hInrochtaineacht Ghréasáin (WAD). Le linn a chuid ama leis an NDA, bhí David ina chomhalta de Choiste Comhairleach an Chórais Tacaíochta Cumais Náisiúnta (NASS), ina chomhalta de Ghrúpa Comhairleach Teicniúil na Roinne Coimirce Sóisialaí (DSP) ar Chuimsiú Sóisialta, ina chomhalta de ghrúpa saineolaithe na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ar shamhaltú staitistiúil.  D’oibrigh David go forleathan i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) agus le lucht taighde acadúil chun sonraí taighde agus acmhainní staitistiúla a dhearadh agus a fhorbairt.

Sula ndeachaigh David ag obair leis an NDA, bhí sé ina chomhairleoir eacnamaíochta le Grant Thornton Ireland, áit ar oibrigh sé le cliaint na hearnála poiblí i réimsí ar nós straitéis forbartha geilleagrach agus breithmheas eacnamaíochta. Áirítear ar na tionscadail seo, Anailís Costais is Tairbhe (CBA) maidir le moltaí caiteachais poiblí, athbhreithniú cláir, athbhreithniú straitéise, samhaltú staitistiúil agus airgeadais, comhairle maidir le trádáil agus custaim idirnáisiúnta, comhairle maidir leis an mBreatimeacht agus próifíliú na hearnála tionsclaíochta.

Sula ndeachaigh David ag obair le Grant Thornton bhí sé fostaithe ina Eacnamaí le hAmbasáid na Seapáine in Éirinn ar feadh ceithre bliana.  Bhí sé mar dhualgas air tacaíocht taighde eacnamaíochta a sholáthar d’Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Seapáine agus d’fhoireann taidhleoireachta Ambasáid na Seapáine in Éirinn. Áiríodh sa ról seo, taighde a stiúradh ar gach gné de gheilleagar na hÉireann, lena n-áirítear, beartas fioscach, caidreamh tionsclaíoch, beartas rialála, cosaint sóisialta, trádáil idirnáisiúnta, Infheistíocht Dhíreach Choigríche (FDI), gníomhaíocht gnó agus cúrsaí airgeadais.

Tá PhD ag David ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) áit a raibh sé i mbun staidéar ar thrádáil eachtrach agus ar bheartas infheistíochta Eacnamaíochta Pholaitiúil Idirnáisiúnta an AE dá thráchtas dochtúireachta. Bhí fócas faoi leith a thaighde dochtúireachta ar ról ghrúpaí sainleasa earnála ó thaobh múnlú a dhéanamh ar idirbheartaíocht Chomhaontú Saorthrádála (FTA’anna) an AE agus ar Chonarthaí Déthaobhacha Infheistíochta (BIT’anna). Bhíodh David ag léachtóireacht roimhe seo ar chúrsa MA/MSc san Eacnamaíocht Pholaitiúil Idirnáisiúnta (IPE) an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) ar bhonn Léachtóir Ócáideach. Clúdaíodh ina chuid teagaisc, stair an IPE, na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO), Margadh Aonair an AE agus an tAontas Custam, beartas trádála eachtraí agus infheistíochta an AE, na margaí trádála domhanda agus an IPE neamhcheadaithe.

 

Ríomhphost: David.Hallinan@nesc.ie

Follow us @NESCireland