Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Secretariat > Gemma O’Reilly

Gemma O'Reilly

Chuaigh Gemma O’Reilly ag obair le NESC ina hanailísí beartais sa bhliain 2023. Díríonn a cuid oibre ar shaincheisteanna maidir le hathrú agus inbhuanaitheacht. Tá Gemma ina cathaoirleach ar Mheitheal Oibre an OECD ar chúrsaí Aeráide, Infheistíochta agus Forbartha an OECD. Sula ndeachaigh Gemma ag obair le NESC, bhí sí ag obair ina heacnamaí do rúnaíocht Chomhairle Comhairleach Athrú Aeráide na hÉireann.

Le linn a cuid ama leis an CCAC, bhí sí i mbun stiúrtha ar an gclár oibre ar Bhuiséid Charbóin ó 2019 go 2021, ar a raibh moltaí ón CCAC ó thaobh an chéad bhuiséid carbóin chuig an Rialtas mar thoradh air. Chomhoibrigh Gemma freisin leis an OECD ó thaobh soláthar na tuarascála “Athdhearadh a dhéanamh ar chúrsaí Iompair na hÉireann chun Neodracht a bhaint amach; i dtreo córais a oibríonn do na daoine agus don phláinéad’ sa bhliain 2022.

D’oibrigh Gemma ar Chlár Taighde um Athrú Aeráide an EPA agus í i mbun stiúrtha sa réimse socheacnamaíocha, teicneolaíochta agus bainistiú aistrithe, sula ndeachaigh sí ag obair leis an CCAC. Le linn an ama seo, thacaigh Gemma le forbairt agus le húsáid samhail shocheacnamaíoch astaíochtaí gás ceaptha teasa in Éirinn. Bhí sí ina húdar freisin ar thuarascáil chumhachtach na bliana 2012 “Ag Tabhairt Aghaidh ar Dhúshláin Athrú Aeráide” a thug isteach an fhís do neodracht carbóin i gcóras beartais na hÉireann.

Bhí Gemma ar dhuine de chomhaltaí thoscaireacht na hÉireann chuig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) ó 2008 go 2018. Le linn an ama seo, d’fheidhmigh Gemma mar idirbheartaí don AE ar shaincheisteanna maidir le cúrsaí maoinithe aeráide agus rinne idirbheartaíocht ar na príomhghnéithe do Chomhaontú Pháras 2015. Sa bhliain 2017, d’ainmnigh an AE Gemma mar chomhalta de Bhuanchoiste ar Mhaoiniú Aeráide an UNFCCC, agus bhí sí sa phost seo ar feadh dhá bhliain. Bhí Gemma ina thoscaire ag Rialtas na hÉireann ar an bPainéal Idirnáisiúnta um Athrú Aeráide (IPCC) sa bhliain 2009 agus 2021.

Bhí Gemma ina cathaoirleach ó 2018 go 2023 ar bhord maoirseachta Chiste an SED a thacaíonn le haistriú cóir maidir le gníomh ar son na haeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha trí ailíniú a dhéanamh le Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe trí shamhail fiontair daonchairdis, ag soláthar maoiniú síl agus maoiniú méadaithe do chláir agus d’eagraíochtaí a mbíonn tionchar acu.

Bhí Gemma ina heacnamaí le rialtas na Ríochta Aontaithe roimhe seo agus í ag feidhmiú ar cháilíocht uisce, athrú aeráide agus ar shamhail iompair. Tá M.Sc. ag Gemma i mBeartas Comhshaoil, M.A. san Eacnamaíocht agus B.A. (onóracha) san Eacnamaíocht agus sa bhFealsúnacht.

 

Ríomhphost: Gemma.OReilly@nesc.ie

Follow us @NESCireland