Tá tú anseo: Baile > Our Organisation > Our History

Stair na Comhairle

Tá ról sainiúil i gceapadh beartais in Éirinn ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta le 50 bliain trína próisis bhreithniúcháin. Sna blianta tosaigh, bhí an NESC ar cheann de bheagán comhlachtaí a bhí i mbun anailís straitéiseach, fhadtéarmach ar staid agus ar fhadhbanna na hÉireann.

2020idí

Cliceáil anseo chun forléargas a fháil ar chlár oibre reatha NESC in 2025.

Ba é Cuntasaíocht Caipitil Nádúrtha: Treoir chun Gnímh an chéad fhoilseachán a bhí ag NESC in 2024. Bhí imeacht leath lae in éineacht leis sin An Nádúr a Dhéanamh Infheicthe: Cad is féidir le Cuntasaíocht Caipitil Nádúrtha a Dhéanamh Dúinn?, a reáchtáladh an 12 Márta 2024 agus inar thug Carl Obst, ceannaire domhanda san NCA an eochairaitheasc. I dtreo Straitéis Náisiúnta Oibre níos Fearr agus ag Cur Borradh faoi Sholáthar Tithíochta na hÉireann: Leanadh leis sin le Modhanna Nua-aimseartha Tógála i míonna Iúil agus Meán Fómhair, faoi seach.

Rinne an NESC ceiliúradh ar 50 bliain a bunaithe in 2023. Chun comóradh leathchéad bliain a dhéanamh ar chomhairle a thabhairt don Taoiseach agus don Rialtas ar shaincheisteanna beartais straitéisigh, d’óstáil an NESC comhdháil ar an láthair sa Chlólann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 23 Samhain 2023.Faigh amach faoi bhuaicphointí an imeachta garsprice seo.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an NESC chúig cinn de Thuarascálacha Comhairle in 2023:Ligean ar Cíos go Príobháideach in ÉirinnAg Tuiscint Eacnamaíocht na hÉireann le linn Ama atá CorrachFiontar Sóisialta ar Oileán na hÉireannAistriú Cóir i dTalmhaíocht agus in Úsáid Talún, agus Neamhionannas i gCreataí Folláine.

Bhí comhdháil inar ndearnadh cíoradh ar a raibh sa tuarascáil agus ar na conclúidí roimh fhoilsiú na tuarascála um Aistriú Cóir i dTalmhaíocht agus in Úsáid Talún; reáchtáladh an Chomhdháil san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath an 30 Meitheamh 2023.Cliceáil anseo chun féachaint ar ghrianghraif éagsúla a tógadh ar an lá.

Thaistealaíomar go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus chuig an Playhouse, Co. Dhoire i míonna Iúil agus Deireadh Fómhair 2022 faoi seach mar chuid den obair ar Oileán Comhroinnte NESC. Thug na himeachtaí seo daoine ceannródaíocha le chéile ón dá thaobh den teorainn chun torthaí na Tuarascála Cuimsithí maidir leis an Deis d’Oileán Comhroinnte a phlé; seoladh páipéar iarchúraim freisin, Deiseanna Comhroinnte a Chíoradh ó Thuaidh agus ó Dheas. Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar na leathanaigh imeachta faoi seach: Oileán Comhroinnte: Deis Comhroinnte – Corcaigh agus Oileán Comhroinnte: Deis Comhroinnte – Doire.

2010idí

I ndeireadh na 2000idí agus i dtús na 2010idí scrúdaigh an Chomhairle i roinnt tuarascálacha géarchéim na gcúig chuid in Éirinn mar a thug sí air.” D’fhoilsigh sí saothair ar an Aontas Eorpach agus rinne sí scrúdú ar cháilíocht agus ar chaighdeáin i roinnt seirbhísí daonna. Le linn an ama seo, chuir NESC tús le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú san anailís a dhéantar ar dhúshláin mhóra na tíre.

2000idí

Sa Stát Leasa Shóisialach Forbraíochta (2005), rinne an NESC argóint do chomharsheirbhísí, tacaíochtaí ioncaim agus bearta nuálacha chun coimirce shóisialach níos fearr a bhaint amach agus rannpháirtíocht do leanaí, daoine in aois oibre, daoine níos sine agus iadsan faoi mhíchumas. Cuireadh mórthuarascáil i dtoll a chéile ar Thithíocht chomh maith le roinnt páipéar cúlra ar shaincheisteanna ar nós bainistiú talún.

1990idí

Ar feadh na 1990idí chaith an NESC súil ar staid na hÉireann ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí níos leithne agus a raibh i ndán don tír. Chuir sí comhairle maidir leis an treo a gcaithfeadh Éire dul chun go mbeadh sí ina háit mhaith ag dul isteach sa 21ú haois. Dhírigh tuarascálacha ar chomhtháthú agus ar mhéadú an Aontais Eorpaigh, leasú CAP, eisimirce, beartais oideachais agus oiliúna.

1980idí

Thug an ghéarchéim sna 1980idí ar an gComhairle straitéis a chur i dtoll a chéile sa bhliain 1986 le go bhféadfadh an tír an fáinne fí a bhí ann de mharbhántacht eacnamaíochta, cáin ag ardú agus fiachas ard a bhriseadh. Ba ar an tuarascáil a d’eascair as sin, Straitéis d’Fhorbairt, a bhí an idirbheartaíocht idir an Rialtas agus comhpháirtithe sóisialacha bunaithe nuair a cuireadh an Clár do Théarnamh Náisiúnta  i dtoll a chéile. Ba é sin an chéad chomhaontú comhpháirtíochta sóisialta de sheacht gcinn. D’fhoilsigh an Chomhairle obair ar réimse leathan de thopaicí eile lena n-áirítear a raibh i ndán d’Éirinn sa Chomhphobal Eorpach, tithíocht, oideachas, beartas tionsclaíoch, margadh an tsaothair agus seirbhísí sláinte.

1970idí

Bhí beartas sóisialach, dáileadh ioncaim agus tithíocht chomh maith le foilseacháin ar chaiteachas poiblí agus an teacht isteach ó cháin ar na chéad réimsí a ndeachaigh an NESC i ngleic leo sna luathbhlianta.